Frásaí Gaeilge le húsáid sa Ghaeltacht
An mbeidh tú ag tabhairt cuairte ar an nGaeltacht an samhradh seo? B’fhéidir go bhfuil sé i gceist agat dul go Dún na nGall, go Ciarraí, nó go Conamara! Nó seans go bhfuil baill teaghlaigh nó cairde agat ag freastal ar chúrsa Gaeilge i gceantar Gaeltachta.
Is deis iontach í cuairt ar an nGaeltacht chun an Ghaeilge a chloisteáil agus a úsáid i gcomhthéacs nádúrtha. Ní gá go mbeadh Gaeilge líofa agat le cúpla focal a rá, ceist a chur nó comhrá gairid a thosú. Is minic a bhíonn daoine sásta cabhrú leat, agus is féidir le frásaí simplí cur le do mhuinín agus tú ag labhairt.
Bain triail as an nGaeilge
Ná bí buartha faoi bhotúin a dhéanamh. Is cuid nádúrtha den fhoghlaim iad, agus is é an rud is tábhachtaí ná triail a bhaint as an teanga. Fiú mura n-úsáideann tú ach “Dia duit”, “Go raibh maith agat” nó “Ba mhaith liom cupán tae”, beidh tú ag cur leis an nGaeilge mar theanga bheo sa phobal.
Éist leis na leaganacha éagsúla den Ghaeilge a chloisfidh tú freisin. Tá saibhreas canúna le fáil sna ceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, agus d’fhéadfadh focail, frásaí agus fuaimniú a bheith éagsúil ó áit go háit.
Mar sin, coinnigh na frásaí seo thíos ar do ghuthán nó i leabhar nótaí, tabhair faoi chomhrá beag agus bain sult as do chuairt ar an nGaeltacht!
Lean muid ar na meáin shóisialta le leideanna rialta a fháil faoi conas níos mó Gaeilge a úsáid i do shaol laethúil.
Beannachtaí agus Comhrá Ginearálta
Dia duit!
Hello!
Conas atá tú? (Gaeltacht Chiarraí)
Cén chaoi a bhfuil tú? (Gaeltacht Chonamara)
Cad é mar atá tú? (Gaeltacht Dhún na nGall)
How are you?
Tá mé go maith, go raibh maith agat.
I’m well, thank you.
Deas bualadh leat.
Nice to meet you.
Ag Iarraidh Cabhrach
Gabh mo leithscéal.
Excuse me.
An féidir leat cabhrú liom?
em>Can you help me?
Cá bhfuil an siopa is gaire?
Where is the nearest shop?
Cá bhfuil an trá?
Where is the beach?
Ní thuigim
I don’t understand
I gCaifé, i mBialann nó i Siopa
Ba mhaith liom cupán tae, le do thoil.
I would like a cup of tea, please.
An bhfuil bord saor agaibh?
Do you have a free table?
Tá triúr againn.
There are three of us.
Tá seo go hálainn.
This is lovely.
Ag Caint faoin nGaeilge
Tá mé ag foghlaim Gaeilge.
I’m learning Irish.
Níl mórán Gaeilge agam fós.
I don’t have much Irish yet.
Ba mhaith liom mo chuid Gaeilge a chleachtadh.
I would like to practise my Irish.
Tá mé as cleachtadh!
I’m out of practice!
Tá m’iníon ag foghlaim Gaeilge.
My daughter is learning Irish.
Conas a deirtear...?
How do you say...?
Frásaí Úsáideacha
Go raibh maith agat.
Thank you.
Míle buíochas.
Many thanks.
Le do thoil.
Please.
Tá fáilte romhat.
You’re welcome.
Ceart go leor.
All right.
Sin iontach!
That’s great!
Dáiríre?
Really?
B’fhéidir.
Maybe.
Slán go fóill.
Goodbye for now.
Bain sult as an lá!
Enjoy the day!