Foghlaim an Ghaeilge ar do Ghuthán Soghluaiste

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Aibreán, 2023
Roinn:

Tá an Ghaeilge go mór i mbéal an phobail dhomhanda na laethanta seo agus leithéidí Joe Biden, Uachtarán SAM, agus Paul Mescal, a ainmníodh do ghradam Oscar, ag baint úsáide as a ‘gcúpla focal’. Tá daoine ar fud fad na cruinne á spreagadh lena scileanna Gaeilge a threisiú. Is ar mhaithe leis na daoine sin atá Gaelchultúr tar éis réimse leathan eispéireas foghlama a fhorbairt agus a chur ar fáil sa seomra ranga fíorúil, Ranganna Gaeilge i Meiriceá Thuaidh agus cúrsaí Gaeilge auf Deutsch san áireamh.

Foghlaim an Ghaeilge ar do Ghuthán Soghluaiste

D’ainneoin an réimse leathain cúrsaí Gaeilge ar líne atá ar fáil, tuigimid nach féidir le gach duine freastal ar rang seachtainiúil. Creidimid, áfach, gur cheart go mbeadh fáil ag gach duine ag a bhfuil spéis sa teanga ar áiseanna foghlama Gaeilge, cuma cén áit ar domhan ina bhfuil siad lonnaithe, cé chomh gnóthach is atá siad agus cén buiséad atá acu. Chun na constaicí seo a shárú, tá Gaelchultúr tar éis ardán ríomhfhoghlama a fhorbairt ar a dtugtar deis do dhaoine Gaeilge bhinn nádúrtha a shealbhú go neamhspleách agus ar a luas féin. Ranganna.com a thugtar ar an suíomh ceannródaíoch seo agus is féidir triail a bhaint as saor in aisce inniu.

Ranganna.com ar an bhfód ó bhí 2007 ann agus tá os cionn 50,000 foghlaimeoir tar éis tabhairt faoi chúrsaí ríomhfhoghlama ar an suíomh ó shin i leith. Rinneadh athnuachan ar an suíomh le déanaí, rud a fhágann go bhfuil sé níos idirghníomhaí agus níos spraíúla ná mar a bhí riamh.

Tá an t-ardán go hiomlán idirghníomhach agus in oiriúint d'fhóin phóca. Is féidir leas a bhaint as ar fhón cliste, táibléad, ríomhaire glúine agus, ar ndóigh, ríomhaire deisce. Mar sin, is cuma más ag timaistriú chun na hoibre nó i do luí ar an trá atá tú, is féidir an Ghaeilge a fhoghlaim trí cheachtanna grádaithe idirghníomhacha forbartha ag coláiste tríú leibhéal.

Is féidir logáil isteach agus tabhairt faoi cheacht ar Ranganna.com 24/7 agus Gaeilge nádúrtha laethúil a fhoghlaim go neamhspleách dá bharr. Cuirtear réimse leathan cúrsaí ar fáil ar an suíomh, bunchúrsa, meánchúrsa agus cúrsa cuimsitheach gramadaí san áireamh. Cibé cumas sa Ghaeilge atá agat féin, tá cúrsa ríomhfhoghlama ar an suíomh a rachaidh chun sochair duit.

Tá cúrsaí ríomhfhoghlama Ranganna.com lán le cleachtaí spraíúla idirghníomhacha. Tá ábhar fuaime agus físe mar chuid lárnach de na cúrsaí, rud a thugann deis duit éisteacht le Gaeilge nádúrtha agus fuaimeanna na teanga a shealbhú. Ar chríochnú ceachta duit, faigheann tú aiseolas ar an toirt, tugtar scór duit agus cuirtear na freagraí cearta ar fáil. Tugtar deis duit cleachtaí dinimiciúla a dhéanamh atá bunaithe ar ábhar gach aonaid chun gur féidir leat an dul chun cinn atá á dhéanamh agat a mheas go leanúnach.

Ní hamháin go bhfuil ábhar na gcúrsaí ar an gcaighdeán is airde ach ní bhánóidh síntiús ar ranganna.com thú. Tá síntiúis bhliantúla ar fáil ar phraghsanna chomh híseal le €9.95; mar sin, níl mór duit triail a bhaint as cúrsa Gaeilge féinstiúrtha ar ranganna.com.

Is é Ranganna.com an áit is fearr leis an nGaeilge a fhoghlaim ar líne. Mura gcreideann tú uainn é, bain triail saor in aisce as na cúrsaí móréilimh seo inniu agus tuigfidh tú féin cén fáth a molann 97% d’fhoghlaimeoirí Ranganna.com an t-ardán go hard.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: