An Ghaeilge i gCroílár Athraithe Eacnamaíochta agus Comhshaoil

Scríofa ag Ellen Curtin Iúil, 2022
Roinn:

Tá sé mar mhisean ag Gaelchultúr, an t-aon choláiste tríú leibhéal a fheidhmíonn go hiomlán trí mheán na Gaeilge, an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo sa ghnáthshaol laethúil, san earnáil acadúil agus i saol an ghnó agus na fiontraíochta. Chuige sin, tá lúcháir ar an gcoláiste Dioplóma Gairmiúil úrnua dar teideal Fiontair Bheo - Straitéis, Cuspóir agus Ceannaireachta sheoladh san fhómhar.

An Ghaeilge i gCroílár Athraithe Eacnamaíochta agus Comhshaoil

Mairfidh an cúrsa seo 12 sheachtain agus é mar fhreagairt radacach ar dhúshláin eacnamaíochta agus chomhshaoil. Is é an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin, údar agus ollamh, a dhear an cúrsa agus a chuirfidh an clár i láthair. Tá taithí na mblianta ag an Dr Ó Brolcháin cúrsaí ceannródaíocha fiontraíochta a chur ar fáil in ollscoileanna ar fud an domhain, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Mhá Nuad agus University of Michigan ina measc. Seo é an chéad uair riamh dó a leithéid de Dhioplóma Gairmiúil a chur i láthair trí mheán na Gaeilge.


Ón taithí atá ag an Dr Ó Brolcháin ar a bheith ag plé le fionraithe agus smaointeoirí cruthaitheacha atá le feiceáil go fairsing i saol na Gaeilge, tá sé cinnte go meallfaidh an cúrsa seo daoine a imreoidh dea-thionchar ar gheilleagar agus comhshaol na tíre agus daoine a bheidh freagrach as fiontair agus tionscnaimh ghlasa a fhorbairt agus a spreagadh i dtodhchaí na tíre.


“Is aitheantas é seo ar an dianiarracht a dhéantar i measc phobal na Gaeilge chun an tsochaí a fheabhsú agus cuirfear eispéireas tarraingteach foghlama ar fáil dóibh siúd atá i mbun cinnteoireachta agus poist cheannródaíocha in eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha araon”, a deir Dr Ó Brolcháin, stiúrthóir an chúrsa, “Ina theannta sin, cruthófar timpeallacht foghlama spreagúil d’fhiontraithe, d’fhiontraithe ionchasacha agus d’úinéirí gnó atá dírithe ar fhiontair ghlasa a bhunú agus a fhorbairt in Éirinn, a bhfuil cuspóir daingean acu”


Beidh an féinmhachnamh mar chuid lárnach den chúrsa agus tá luach faoi leith ag baint leis an ngné seo den fhoghlaim, dar leis an Dr Ó Brolcháin:


“Tá an cúrsa atá againne an-difriúil leis an ngnáthchur chuige a úsáidtear i gcláir oideachais do dhaoine fásta. Gné shainiúil is ea é go gcabhraíonn an cúrsa le daoine tuiscint níos doimhne a fháil orthu féin chun saol a bhfuil brí níos doimhne leis a chaitheamh agus tionchar dearfach a imirt ar an bpláinéad”.


Beidh an cúrsa seo á reáchtáil i gcomhar le Gaelchultúr agus is é seo an chéad uair ó bunaíodh an coláiste in 2004 a bheidh cúrsa á thairiscint ag an gcoláiste nach ndíríonn go sainiúil ar fhoghlaim na Gaeilge. Is é Fiontair Bheo - Straitéis, Cuspóir agus Ceannaireacht an chéad Dioplóma Gairmiúil a chuirfidh an coláiste ar fáil.


Is cúis mhór bhróid é don choláiste go ndéanfar freastal ar chainteoirí na teanga trí chúrsa ábhartha, ceannródaíoch mar seo a chur ar fáil a chuirfidh an Ghaeilge ar comhchéim le teanga ar bith eile atá lárnach in earnáil an oideachais agus i saol na heacnamaíochta agus cuirfidh sé an Ghaeilge i gcroílár an dearcaidh ghlais atá ag teacht chun cinn ar fud an domhain.


“Níor cheart caitheamh leis an nGaeilge mar ábhar staidéir amháin”, a deir Niamh Ní Chadhla, Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an choláiste. “Sa chúrsa seo, is féidir le daoine proifisiúnta ó gach cúlra agus ó gach earnáil tabhairt faoi Dhioplóma Gairmiúil chun scileanna fiontraíochta faoi leith a bhaint amach, faoi stiúir saineolaí aitheanta ar an ábhar, an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin, agus líonra luachmhar a chruthú le ceannairí tionscail in Éirinn agus go hidirnáisiúnta. Níl aon dabht ach gur buntáiste é an cúrsa seo a reáchtáil trí mheán na Gaeilge, rud a chruthóidh nasc níos láidre idir na mic léinn agus an fhoireann acadúil agus a chuirfidh go suntasach le téama an dúchais a phléifear go minic le linn an chúrsa”.


Reáchtálfar an cúrsa go hiomlán ar líne agus cuirfear tús leis an tseachtain dar tús an 26 Meán Fómhair.


Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: