Gaeilgeoirí ag Glacadh Ról Gníomhach le Todhchaí Ghlas a Chruthú
Bhí mí an Mheithimh 2023 ar an mí Meithimh is teo riamh. Idir fhalscaithe ar an mór-roinn go tuilte in Éirinn, is cúis mhór imní iad na babhtaí drochaimsire seo atá ag tarlú níos minice ná riamh. Tá sé in am ag an bpobal domhanda dul i ngleic le cúrsaí aeráide agus comhshaoil chun todhchaí slán an phláinéid a chinntiú. Ní leor athrú straitéise folamh rialtais mar réiteach sealadach, tá géarghá le hathrú dearcaidh i measc gnáthdhaoine maidir leis na bealaí a chaitear leis an bpláinéad agus an tuiscint atá acu ar conas é a chaomhnú.
Creideann Gaelchultúr go bhfuil ról lárnach ag an gcultúr in athrú paraidíme dá leithéid. Féachtar ar oidhreacht, ar thraidisiúin agus ar chultúr na tíre, agus a nasc le pobal na Gaeilge, mar acmhainní cumhachtacha a spreagann brí, nuálaíocht agus inbhuanaitheacht. Bunaithe ar an tuiscint seo, forbraíodh an cúrsa ceannródaíoch darb ainm ‘Fiontair Bheo – Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht’, in 2022.
‘Tá taithí na mblianta ag muintir na Gaeilge ar a bheith ag snámh in aghaidh easa ar mhaithe le cultúr, le hoidhreacht agus le pobail a chaomhnú’, a deir an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin agus é ag tabhairt cúlra ar an gcinneadh a rinneadh dioplóma gairmiúil faoin bhfiontraíocht ghlas a fhorbairt agus a reáchtáil trí mheán na Gaeilge. ‘Tá fuinneamh agus paisean le brath i measc Gaeilgeoirí nach bhfeictear ach go hannamh i measc grúpaí eile inár sochaí. Is mar thoradh ar dhaoine lán fuinnimh agus lán misnigh a athraítear an saol agus is í sin sprioc an chúrsa seo’.
Is iomaí cinneadóir atá lárnach i bpobal na Gaeilge atá tar éis tabhairt faoin gcúrsa ó seoladh anuraidh é. I measc na 15 mhac léinn, ó fud fad na cruinne, a ghlac páirt sa chúrsa bhí ionadaithe ó Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais, Ghael-Linn, Ealaíon na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.
‘Is dea-chomhartha é an mór-éileamh atá ar an dioplóma gairmiúil seo, ní hamháin don chúrsa é féin, ach do thodhchaí na teanga, agus ceannairí eagrais na hearnála chomh tiomanta agus spreagtha sin do thodhchaí glas a ghiniúint dá bpobal’, a deir Darren Ó Rodaigh, Príomhfheidhmeannach Ghaelchultúir.
Is é an Dr Ó Brolcháin, údar agus ollamh, a dhear an cúrsa agus a chuireann an clár i láthair. Tá taithí na mblianta ag an Dr Ó Brolcháin ar chúrsaí ceannródaíocha fiontraíochta a chur ar fáil in ollscoileanna ar fud an domhain, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Ollscoil Mhá Nuad agus University of Michigan ina measc.
Cé go bhfuil an-chur amach ag Ó Brolcháin ar chúrsaí gairmiúla mar seo a reáchtáil as Béarla, is é seo an chéad uair riamh dó a leithéid de dhioplóma gairmiúil a chur i láthair trí mheán na Gaeilge. Ba chinneadh straitéiseach a rinne Ó Brolcháin an cúrsa seo a chur ar fáil as Gaeilge mar go dtuigeann sé gur iomaí fiontraí agus smaointeoir cruthaitheach atá i measc phobal na Gaeilge. Tá sé mar sprioc freisin ag an gcúrsa comhrá tairbhiúil a thosú ar an ról lárnach atá ag an gcultúr agus ag an bhféiniúlacht i gcruthú luacha do pháirtithe leasmhara - agus níl aon dabht ach go bhfuil dlúthcheangal idir an Ghaeilge agus cultúr agus féiniúlacht na hÉireann.
Is cinnte go bhfuil pobal na Gaeilge i dtaithí ar a bheith ag snámh in aghaidh easa ach is é an pobal céanna atá tar éis lorg a fhágáil ar fud fad an domhain.