Fiontair Bheo: Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht

Cur síos

Tá géarghá le hathrú paraidíme ar mhisean, cuspóir agus luachanna eagraíochtaí agus daoine aonair chun cur in aghaidh fadhbanna sóisialta agus comhshaoil amhail éagothroime rachmais, caillteanas bithéagsúlachta agus athrú aeráide. Freagairt radacach ar dhúshláin eacnamaíochta agus chomhshaoil is ea Fiontair Bheo: Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht.


Is é an Dr Fionnbarra Ó Brolcháin, údar agus ollamh, a dhear an cúrsa agus a chuireann i láthair é. Tá an clár seo, a bhfuil clú idirnáisiúnta air, bunaithe ar an dearbhú gur acmhainní cumhachtacha iad cultúr agus traidisiúin na hÉireann lena spreagtar brí, nuálaíocht agus cruthaitheacht agus lena gcuirtear sláine éiceolaíoch agus rathúnas eacnamaíoch chun cinn.


Tá sé mar aidhm ag an gcúrsa treoir agus tacaíocht a thabhairt do na rannpháirtithe chun tuiscint níos doimhne agus níos iomlánaíche a fháil ar conas a chruthaítear agus a roinntear luach, idir luach airgeadúil agus luach neamhairgeadúil, trí fhiontair inbhuanaithe atá bunaithe ar chuspóir a fhorbairt.


Pléitear réimse coincheap sa chúrsa, lena n-áirítear fíorluach, an nuálaíocht athghiniúnach, an t-ábharachas, an t-éiceadhearadh, an geilleagar ciorclach, an tomhaltachas eiticiúil agus neart eile. Lena chois sin, bíonn deiseanna ag na mic léinn leas a bhaint as a gcuid taithí ar an obair agus ar aon saol chun cíoradh a dhéanamh ar na smaointe agus na hábhair a chlúdaítear sa chúrsa.


Déantar fiosrú sa chúrsa ar an ról ríthábhachtach atá ag an údaracht, ag an tuiscint ardhúiche agus ar an bhféiniúlacht i bhfiontair atá faoi úinéireacht an phobail agus lonnaithe i ndúiche faoi leith. Pléitear fiontair spreagúla in earnálacha an bhia, na n-ealaíon, na turasóireachta, an fhuinnimh inathnuaite agus in earnálacha eile nach iad.


Tá tuilleadh eolais ar fáil i mbróisiúr an chúrsa.


*Tábhachtach: Is trí mheán na Gaeilge a chuirtear Fiontair Bheo: Cuspóir, Straitéis agus Ceannaireacht i láthair ina iomláine, lena n-áirítear na léachtaí, an plé ranga agus na tascanna ar fad. Ba chóir go mbeadh gach duine atá ag iarraidh clárú ar an gclár muiníneach as cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus as é/í féin a chur in iúl trí mheán na Gaeilge.


Bróisiúr an chúrsa

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Beidh ríomhaire glúine nó deisce le ceamara agus micreafón air de dhíth ort.
Cuirfear nasc Zoom chugat sa ríomhphost roimh thús an chúrsa. Beidh an nasc sin le húsáid agat le logáil isteach ar an rang gach seachtain.
Is féidir ach ní bheidh tú in ann páirt a ghlacadh in obair bheirte ná obair ghrúpa. B’fhearr ríomhaire deisce nó glúine a úsáid, mar sin.
Molaimid do na rannpháirtithe a gceamara a chur ar siúl le linn na ranganna de bhrí go gcuireann sé sin le hatmaisféar an ranga. Mura dteastaíonn uaitse do cheamara a chur ar siúl, áfach, ní gá duit é sin a dhéanamh.
Beidh ar a laghad seisear foghlaimeoirí eile sa rang agus ocht nduine dhéag ar a mhéad.
Beidh obair bheirte agus obair ghrúpa mar chuid lárnach de gach rang, mar sin beidh neart deiseanna labhartha agat. Beidh deis agat lámh fhíorúil a chur in airde agus ceisteanna a chur ar an múinteoir ó bhéal am ar bith is mian.
Ní bheidh. Seolfar leabhrán digiteach chugat roimh thús an chúrsa agus beidh tú ábalta an t-ábhar sin a úsáid le linn na ranganna agus chun staidéar a dhéanamh ó sheachtain go seachtain. Tá costas an leabhráin seo san áireamh i dtáille an chúrsa. Beidh fáil agat ar na nótaí ar fad ar líne freisin.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
  • Caithfidh gach foghlaimeoir cloí lenár gCód Iompair agus iad ag freastal ar chúrsa linn.
  • Níl cead ag daoine faoi 18 bliain d’aois freastal ach ar chúrsaí áirithe, atá sainscríofa agus curtha in oiriúint do dhaoine faoi 18 bliain d’aois. Tá ár Ráiteas um Chosaint Leanaí le fáil anseo.