Sainchúrsaí Gaeilge d’Eagraíochtaí Stáit

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Meitheamh, 2023
Roinn:

An raibh a fhios agat go bhfuil sé de cheart ag pobal na hÉireann seirbhísí a iarraidh trí mheán na Gaeilge ó eagraíochtaí stáit? Tá sé mar sprioc ag Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 caighdeánú a dhéanamh ar cháilíocht seirbhísí trí mheán na Gaeilge agus ar an bhfáil atá orthu ar fud na státseirbhíse agus, anuas air sin, tugtar treochlár mionsonraithe ann do chomhlachtaí stáit maidir le todhchaí na teanga chomh maith. Tá cearta teanga phobal na Gaeilge ag treisiú, rud a fhágann go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh go bhfuil na scileanna teanga ag fostaithe na státseirbhíse seirbhísí ar ardchaighdeán Gaeilge a chur ar fáil do lucht na Gaeilge.

Sainchúrsaí Gaeilge d’Eagraíochtaí Stáit

Tá níos mó brú ar eagraíochtaí ar fud fad na tíre oiliúint sa Ghaeilge a chur ar fáil dá bhfostaithe. Tá Gaelchultúr roghnaithe ag an gcomhlacht stáit Foras na Gaeilge le cúrsaí oiliúna Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar don earnáil sin. Is cúis mhór bhróid é do Ghaelchultúr na deiseanna oiliúna teanga seo a chur ar fáil d’eagraíochtaí stáit. An fostaí de chuid na hearnála poiblí thú? Más ea, an bhfuil tú muiníneach go bhfuil d’eagraíocht féin ag comhlíonadh a dualgas teanga? Mura bhfuil, lig do Ghaelchultúr cuidiú leat do dhualgais teanga a chomhlíonadh le cúrsa saincheaptha a dearadh go speisialta chun freastal ar do riachtanais teanga féin.

Ag Gaelchultúr, tuigimid nach ionann spriocanna, acmhainní agus buiséad gach eagraíochta. Níor cheart go mbeadh na nithe seo ag cur constaicí sa bhealach ar eagraíochtaí an Ghaeilge a chur chun cinn agus a ndualgais teanga a chomhlíonadh, áfach. Déanaimid ár ndícheall freastal ar gach eagraíocht atá tiomanta d’úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, beag beann ar na spriocanna, na hacmhainní, ná an buiséad atá aici.

Tá Gaelchultúr tar éis seirbhísí oiliúna a sholáthar do bhreis is 110 eagras de chuid na hearnála poiblí agus na n-údarás áitiúil le ceithre bliana déag anuas. Chomh maith leis sin, le blianta beaga anuas, tá Gaelchultúr tar éis comhoibriú a dhéanamh le réimse leathan comhlachtaí stáit le sainchúrsaí a chruthú agus a reáchtáil chun snas a chur ar chaighdeán Gaeilge na bhfostaithe. I measc na n-eagraíochtaí sin tá TG4, Banc na hÉireann, Tithe an Oireachtais, Údarás Craolacháin na hÉireann, Fulbright agus an Garda Síochána.

I measc na bhforálacha nuashonraithe a leagtar amach san Acht, tá ar chomhlachtaí poiblí cur go mór leis na gníomhaíochtaí margaíochta agus fógraíochta a dhéanann siad trí mheán na Gaeilge. Chomh maith leis sin, foilsíodh foráil lena chinntiú gur i nGaeilge, nó i nGaeilge agus i mBéarla, a bheidh lógónna comhlachtaí poiblí as seo amach. Ní hamháin sin, ach deimhnítear faoin Acht leasaithe go bhfuil ar gach comhlacht stáit ríomhphoist, litreacha agus comhfhreagras sna meáin shóisialta a fhreagairt sa teanga oifigiúil chéanna (Gaeilge nó Béarla) inar scríobhadh iad. Is dócha gurb é an fhoráil is suntasaí a foilsíodh san Acht, áfach, ná go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoin mbliain 2030! Is iontach an fhoráil seo, ní hamháin don Ghaeilge í féin, ach do phobal na teanga a mbainfidh tairbhe as na deiseanna fostaíochta a thiocfaidh chun cinn dóibh.

Má tá comhairle nó cabhair de dhíth ar d’eagraíocht chun caighdeán Gaeilge a cuid fosaithe a fheabhsú nó chun a dualgais faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh, déan teagmháil linn ag fios@gaelchultur.com le do chuid riachtanas a phlé.

Is mór an buntáiste é a bheith in ann do chuid oibre a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Más spéis leat do chuid Gaeilge féin a fheabhsú le deiseanna fostaíochta san earnáil phoiblí a thapú amach anseo caith súil ar an réimse cúrsaí gairmiúla seo a bhíonn á reáchtáil ag Gaelchultúr go minic. Idir chúrsaí creidiúnaithe amhail an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil agus dianchúrsaí gairide ina ndírítear ar Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí agus Óráidí a Thabhairt i nGaeilge trí mheán na Gaeilge is iomaí deis oiliúna atá ar fáil dóibh siúd ar mhaith leo a gcumas teanga a fheabhsú ar mhaithe le dul chun cinn gairmiúil a dhéanamh.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: