Féiríní Teanga: Moltaí maidir le Bronntanais Ghaeilge

Scríofa ag Helen de Búrca Samhain, 2023
Roinn:

Agus an Nollaig ag druidim linn, seo é an t-am is fearr le machnamh a dhéanamh ar na bronntanais a bheidh le ceannach do na daoine tábhachtacha i do shaol. Is féidir leis a bheith i bhfad níos deacra bronntanais a cheannach do Ghaeilgeoirí!


Cá bhfaighinn bronntanas dó a bhaineann leis an nGaeilge?

Cad ba mhaith leis fiú?

Foclóir, b’fhéidir?

An ionann Foclóir Uí Dhónaill agus Foclóir de Bhaldraithe?


Féiríní Teanga: Moltaí maidir le Bronntanais Ghaeilge

Níl anseo ach blaisín de na mílte ceist a ritheann linn agus muid ag iarraidh bronntanas Nollag a cheannach do Ghaeilgeoir. Ach ná bí buartha! Tá Gaelchultúr i ndiaidh an obair chrua ar fad a dhéanamh ar do shon (Is féidir leat buíochas a ghabháil linn ar ball!). Seo liosta moltaí a chuireamar le chéile maidir le bronntanais a bhaineann leis an nGaeilge. Tá neart cúrsaí, cluichí, leabhar, agus táirgí eile ar fáil le freastal ar gach Gaeilgeoir, bíodh siad ag tosú amach nó ag cur snas ar a gcuid Gaeilge.


‘Don Mhúinteoir Bunscoile: Gníomhaíochtaí Gasta’


Seo acmhainn ranga den chéad scoth a thaitneodh le múinteoir scoile ar bith! Tá an leabhar seo oiriúnach do dhaltaí i ranganna 3–6 i scoileanna T1 agus T2 araon agus tá 60 gníomhaíocht chumarsáide ann le daltaí bunscoile a spreagadh chun labhairt as Gaeilge. Is féidir líofacht agus cruinneas a bhaint amach sa Ghaeilge agus scileanna cumarsáide a fhorbairt ar shlí spraíúil idirghníomhach leis na cleachtaí seo agus is dá bharr sin gur lámhleabhar foirfe é seo don seomra ranga.


‘Don Pháiste Óg: Amhrán is Fiche don Nollaig (CD)’


Tabhair blaiseadh den Ghaeilge do pháistí óga le hamhráin Nollag atá ar eolas acu cheana féin, ach iad as Gaeilge! Is féidir an ceol a chur ar siúl gan na hamhránaithe chun an t–amhrán a rá i stíl Karaoke, agus i measc na nithe eile atá ar an CD tá liricí gur féidir a phriontáil amach agus aistriúcháin as Béarla. Cuir ar siúl é le linn turas sa charr nó roimh am codlata, agus gríosaigh grá don Ghaeilge iontu trí spiorad an tséasúir!


‘Don luathdhéagóir: Na Sraitheanna Leabhar An Seachtar Stuama agus An Cúigear Cróga’


Maireann na clasaicí seo ó pheann Enid Blyton go fóill agus is féidir leatsa deis a thabhairt don chéad ghlúin eile titim i ngrá leo. Is buntreoir mhaith iad na sraitheanna An Seachtar Stuama agus An Cúigear Cróga do sheánra na mistéire do pháistí. Forbróidh siad a dtuiscint ar an litríocht agus a scileanna léamhthuisceana sa Ghaeilge ag an am céanna.


‘Don té ar ansa Foclach leo: An Cluiche Boird Imeartas Focal’


Beidh an-chraic agaibh (gan mórán argóintí, le cúnamh Dé!) an chéad oíche cluichí eile leis an gcluiche focal, Imeartas Focal. Mar atá sa chluiche Béarla Dingbats, tá 200 focal agus abairt sa chluiche seo, ach iad athraithe, curtha i bhfolach, casta as a riocht… agus caithfidh na himreoirí ciall a bhaint astu. Is cluiche é seo a chuirfidh sibh ag smaoineamh faoin nGaeilge ar bhealach úr agus uathúil!


‘Don léitheoir craosach: An tÚrscéal Aiséirí’


Scéal faoi ghrá agus faoi chaife atá in Aiséirí le Alex Hijmans agus é foirfe do laethanta gruama an gheimhridh. Bheifeá breá sásta do ghoradh a dhéanamh cois tine leis an scéal croíúil seo. (Níl cupán caife san áireamh leis, faraor!)


‘Don fhoghlaimeoir agus don ghramadóir: Dearbhán do Ranganna.com’


Rogha eile ná an teanga í féin a thabhairt mar bhronntanas trí chúrsa ar Ranganna.com, ár suíomh gréasáin ríomhfhoghlama. Tá réimse cúrsaí ar Ranganna.com do dhaoine ar gach leibhéal cumais, agus leis an dearbhán seo beidh fáil acu ar an iliomad acmhainní agus ceachtanna idirghníomhacha á dtreorú ag saineolaithe le heispéireas foghlama teanga pearsanta agus éifeachtach a chinntiú.


Tá súil againn go raibh ár liosta ina chuidiú agat le bronntanais a roghnú do na Gaeilgeoirí i do shaol! Níos fearr arís, tá nasc cruthaithe againn le gur féidir leat gach rud sa liosta a fháil ar líne anois. Bí ag faire amach ar Siopa.ie agus ar Ranganna.com, go háirithe ar Aoine na Margaí lenár lascainí speisialta a fháil. Go n-éirí leat le do chuid siopadóireachta!


Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: