Traidisiúin na Bealtaine in Éirinn
Beannachtaí na Bealtaine ort!
Cuirimis fáilte roimh an samhradh – agus roimh cheann de na féilte Béaloidis is ársa agus is draíochtúla i bhféilire na nGael.
An raibh a fhios agat go bhfuil Bealtaine ar cheann de cheithre fhéile Cheilteacha na hÉireann? Téann an traidisiún seo siar go dtí an ré réamh-Chríostaí, in éineacht leis na féilte eile: Imbolc, Lúnasa agus Samhain.
De réir an fhéilire Cheiltigh is é Lá Bealtaine an chéad lá den samhradh.
Tá cuid mhór nósanna ag baint leis an lá seo agus deirtear go raibh sé ar an fhéile ba mhó sa bhliain. Baineann na nósanna seo le tairngreachtaí, cosaint draíochta, torthúlacht agus an-chuid eile.
I measc na nósanna a bhain le Féile na Bealtaine, bhailítí bláthanna agus craobhacha go minic chun ‘Crann Bealtaine’ a dhéanamh. Chuirtí craobh ina seasamh agus bláthanna uirthi mar mhaisiú.
Ceann de na traidisiúin ba láidre a bhí ann ná tinte cnámh a lasadh. Sheoltaí eallach idir dhá thine chun iad a chosaint ó ghalair agus chun torthúlacht a chinntiú. Is as an chleachtadh seo a thagann an frása “idir dhá thine Bhealtaine”, nath a chiallaíonn “idir dhá chomhairle”.
Seanfhocal na Bealtaine:
Mí na Bealtaine, eochair na bliana.
Tá seanfhocail tábhachtach i gcultúr na hÉireann agus úsáidtear iad chun comhairle a thabhairt nó chun sonas nó brón a chur in iúl.
Léiríonn an seanfhocal seo an tábhacht a bhaineann leis an aimsir i mbéaloideas na hÉireann. Bhíodh feirmeoirí ag súil le haimsir fhliuch i mí na Bealtaine agus aimsir thirim i mí an Mheithimh. Léiríonn an seanfhocal seo fosta go bhfuil neart piseog ag baint leis an bhféile ársa Cheilteach seo fosta.
Má dhéanann tú ceiliúradh ar Fhéile na Bealtaine gach bliain, nó má tá tú ag fáil amach faoi na traidisiúin a bhaineann léi den chéad uair anois, is deis iontach í chun tús an tsamhraidh a aithint agus chun nasc a dhéanamh leis an dúlra agus lenár n-oidhreacht shaibhir.
Bíodh tú ag bailiú bláthanna, ag siúl faoin aer nó ag baint úsáid as do chúpla focal Gaeilge, bain sult as draíocht na Bealtaine!
Ar mhaith leat an chéad chéim eile a ghlacadh le do chuid Gaeilge an séasúr seo? Bain triail as cúrsa Gaeilge nó cúrsa Béaloidis le Gaelchultúr! Cláraigh inniu agus bí linn don chéad téarma eile dár gcúrsaí móréilimh a gcuirfear tús leo go luath!