Turas Teanga le Brendan Courtney

Márta, 2026
Roinn:

Tá turas ar leith ag gach foghlaimeoir Gaeilge. Turas lán misnigh agus fiosrachta. Uaireanta tosaíonn sé ar scoil, uaireanta thar lear, agus uaireanta eile i bhfad i ndiaidh na scoile – go minic mar gheall ar pháistí nó baill teaghlaigh! Uaireanta eile, tosaíonn sé le cinneadh beag: cúrsa a dhéanamh, leabhar a oscailt, nó focal a úsáid den chéad uair le muinín.

Ach bíonn rud amháin i gcoiteann de ghnáth ag gach foghlaimeoir, an fonn ceangal níos doimhne a dhéanamh leis an teanga agus leis an gcultúr.

Turas Teanga le Brendan Courtney

Le Turas Teanga, táimid ag ceiliúradh scéalta ár bhfoghlaimeoirí féin. Na cúiseanna a spreag iad chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó a athfhoghlaim, na dúshláin a sháraigh siad, agus an dul chun cinn atá déanta acu ó shin. Is léargas macánta, pearsanta é seo ar fhoghlaim na Gaeilge le Gaelchultúr, sa bhaile agus thar lear.

Tríd an tsraith seo, táimid ag tabhairt ardáin dár bhfoghlaimeoirí chun a scéal a roinnt, agus b’fhéidir spreagadh a thabhairt do dhuine eile an chéad chéim eile a ghlacadh leis an nGaeilge.

Seo é Turas Teanga!

Foghlaimeoir: Brendan Courtney

Inis dúinn fút féin – cén cúlra atá agat agus cá bhfuil tú lonnaithe faoi láthair?

Is láithreoir teilifíse agus dearthóir mé. Táim i mo chónaí i lár chathair Bhaile Átha Cliath faoi láthair ach beidh mé ag bogadh go Cill Mhantáin go luath.

Cén rud nó cén duine a spreag thú chun tabhairt faoi fhoghlaim (nó athfhoghlaim) na Gaeilge?

Chuaigh mé go meánscoil Ghaeilge ach chaill mé mo chuid Gaeilge ina dhiaidh sin.

Cén taithí a bhí agat ar an nGaeilge sular thosaigh tú le Gaelchultúr?

Cé is moite den Ghaeilge a d’fhoghlaim mé ar scoil, rinne mé cúrsa do dhaoine fásta sa Ghaeltacht anuraidh. Thuig mé ansin go bhfuil go leor le foghlaim agam fós.

Cad a thug ort Gaelchultúr a roghnú mar chuid de do thuras teanga?

Seo mo cheathrú cúrsa le Gaelchultúr, tá sé chomh hinrochtana agus chomh héasca – níl aon leithscéalta ann!

Cén ghné de chúrsaí Ghaelchultúir is mó a chabhraigh leat dul chun cinn a dhéanamh i do thuras teanga?

Múinteoirí den chéad scoth a bhí ann agus thug siad a lán deiseanna dúinn an Ghaeilge a bhí á foghlaim againn a chleachtadh i gcomhrá le chéile.

An úsáideann tú an Ghaeilge i do shaol laethúil anois?

Ó thosaigh mé ag foghlaim le Gaelchultúr, úsáidim an Ghaeilge níos mó i mo shaol laethúil, gan dabht.

Cén tionchar a bhí ag foghlaim na Gaeilge le Gaelchultúr ar do mhuinín nó ar d’fhéiniúlacht?

Táim an-bhródúil as a bheith Éireannach agus bhí fonn orm i gcónaí mo theanga dhúchais a athfhoghlaim.

Cad a déarfá le duine atá ag smaoineamh ar chúrsa Gaeilge a dhéanamh ach nach bhfuil cinnte fós?

Is cinnte go mbainfidh tú tairbhe as Gaelchultúr!

Cén dúshlán is mó a bhí romhat ar an turas seo – agus conas a sháraigh tú é?

Caithfidh tú a bheith tiomanta agus fiosrach leis an nGaeilge a fhoghlaim. Más amhlaidh atá, beidh tú ceart go leor.

Cén tionchar a bhí ag an nGaeilge ar d’fhéiniúlacht nó ar do cheangal le cultúr na hÉireann?

Is teanga fhileata í an Ghaeilge atá an-saibhir ó thaobh na staire de. Tá an oiread sin le foghlaim!

Cad iad na spriocanna Gaeilge atá agat don todhchaí?

Leanúint den fhoghlaim!

Roinn: