Turas Teanga le Courtney Ní Bhraoin
Tá turas ar leith ag gach foghlaimeoir Gaeilge. Turas lán misnigh agus fiosrachta. Uaireanta tosaíonn sé ar scoil, uaireanta thar lear, agus uaireanta eile i bhfad i ndiaidh na scoile – go minic mar gheall ar pháistí nó baill teaghlaigh! Uaireanta eile, tosaíonn sé le cinneadh beag: cúrsa a dhéanamh, leabhar a oscailt, nó focal a úsáid den chéad uair le muinín.
Ach bíonn rud amháin i gcoiteann de ghnáth ag gach foghlaimeoir, an fonn ceangal níos doimhne a dhéanamh leis an teanga agus leis an gcultúr.
Le Turas Teanga, táimid ag ceiliúradh scéalta ár bhfoghlaimeoirí féin. Na cúiseanna a spreag iad chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó a athfhoghlaim, na dúshláin a sháraigh siad, agus an dul chun cinn atá déanta acu ó shin. Is léargas macánta, pearsanta é seo ar fhoghlaim na Gaeilge le Gaelchultúr, sa bhaile agus thar lear.
Tríd an tsraith seo, táimid ag tabhairt ardáin dár bhfoghlaimeoirí chun a scéal a roinnt, agus b’fhéidir spreagadh a thabhairt do dhuine eile an chéad chéim eile a ghlacadh leis an nGaeilge.
Seo é Turas Teanga!
Foghlaimeoir: Courtney Ní Bhraoin
Inis dúinn fút féin – cén cúlra atá agat agus cá bhfuil tú lonnaithe faoi láthair?
Is mise Courtney Ní Bhraoin. Rugadh agus tógadh mé in Massachusetts, agus tá mé i mo chónaí i mBostún anois.
Cén rud nó cén duine a spreag thú chun tabhairt faoi fhoghlaim (nó athfhoghlaim) na Gaeilge?
Roinnt blianta ó shin, thaispeáin m'athair seancháipéis teaghlaigh dom a bhí i nGaeilge. D'fhiafraigh sé díom an dtabharfainn liom í ar thuras go hÉirinn le feiceáil an bhféadfadh aon duine cabhrú liom í a aistriú. Rinne mé mar a d'iarr sé, ach ar an drochuair, ní raibh mé in ann duine a aimsiú a d'fhéadfadh cabhrú liom. Spreag an taithí sin mo chuid fiosrachta faoin teanga, go háirithe cén fáth nár chosúil go raibh aon duine ag labhairt Gaeilge i Meiriceá ná fiú in Éirinn. Chuimhnigh m'athair ar a sheantuismitheoirí a chloisteáil ag labhairt Gaeilge go líofa, ach sa bhaile amháin, agus lena chéile amháin.
Cé nach féidir liom a bheith cinnte cén fáth nár thug siad an teanga ar aghaidh riamh chuig an chéad ghlúin eile, is dócha go raibh sé mar gheall ar an stiogma a bhain le bheith mar Éireannach agus an bharúil nach mbeadh gá ag a bpáistí í a bheith ar eolas acu riamh. É sin ráite, táim ag foghlaim Gaeilge mar mothaím go bhfuil sé tábhachtach an teanga a chaomhnú dóibhsean agus do shinsir na hÉireann nár ceadaíodh dóibh í a labhairt go saor, le bród. Ina theannta sin, bhí mé in ann an doiciméad sin a aistriú faoi dheireadh, a bhí ina theastas baiste ag mo shin-sin-sean-aintín.
Cén taithí a bhí agat ar an nGaeilge sular thosaigh tú le Gaelchultúr?
Thosaigh mé ag foghlaim na Gaeilge trína bheith ag breathnú ar fhíseáin ar YouTube, rud a chabhraigh liom fuaimeanna bunúsacha na ngutaí agus na gconsan a thuiscint. Ansin ghlac mé cúrsa tríd an Irish Cultural Center of Greater Boston agus ghlac mé páirt i Scoil Scairte leis an Trailblazery.
Cad a thug ort Gaelchultúr a roghnú mar chuid de do thuras teanga?
Tá roinnt cúiseanna ann ar roghnaigh mé staidéar a dhéanamh le Gaelchultúr. Ar an gcéad dul síos, cuireann siad curaclam struchtúrtha ar fáil ar féidir tógáil air agus dul chun cinn a dhéanamh air le himeacht ama. Cuireann siad ranganna beo ar fáil seachas cinn réamhthaifeadta, rud a ligeann dom cleachtadh le foghlaimeoirí eile agus ceisteanna a chur ar an múinteoir i bhfíor-am. Ar deireadh, cuirtear na ranganna ar fáil i gcrios ama SAM/Cheanada, rud a oireann go maith do mo sceideal oibre.
Cén ghné de chúrsaí Ghaelchultúir is mó a chabhraigh leat dul chun cinn a dhéanamh i do thuras teanga?
Chuir sé go mór le mo thaithí foghlama a bheith in ann freastal ar ranganna beo ar líne. Is cuid bhunúsach den fhoghlaim é a bheith in ann ceisteanna a chur, agus is rud é seo a chailleann tú agus tú ag freastal ar ranganna réamhthaifeadta.
Conas a úsáideann tú an Ghaeilge i do shaol laethúil anois – sa bhaile, ag an obair, le cairde nó ar líne?
Éireannach is ea mo pháirtí, atá ag athfhoghlaim na teanga freisin, mar sin bíonn muid ag téacsáil a chéile as Gaeilge. Is bealach spraíúil é chun focail agus frásaí nua a fhoghlaim. Is maith liom freisin a bheith ag éisteacht le hamhráin as Gaeilge, idir amhráin thraidisiúnta agus amhráin níos comhaimseartha, cinn Kneecap, cuir i gcás.
Cén tionchar a bhí ag foghlaim na Gaeilge le Gaelchultúr ar do mhuinín nó ar d’fhéiniúlacht?
Tá nasc níos láidre cothaithe agam le mo shinsir trí fhoghlaim na Gaeilge. Tháinig seisear de m’ochtar sin-seantuismitheoirí ar imirce go Bostún. Cé nach raibh aithne agam orthu riamh, mothaím dáimh agus ceangal leo agus mé ag labhairt na Gaeilge. Tugann an teanga creat dom chun an domhan a fheiceáil mar a rinne siadsan, le hiontas agus áilleacht.
Níl aon rud níos fearr a chuireann síos air seo ná an méid a dúirt Dónall Ó Héalaí ina TED Talk, ‘The Irish Language and Beauty’. Deir Ó Héalaí, “Ligeann an Ghaeilge dom an domhan a fheiceáil trí lionsa difriúil. Ligeann sí do mo shamhlaíocht bláthú, agus tá an cumas uathúil seo aici rudaí a d’fhéadfadh a bheith leadránach agus leamh uaireanta a dhéanamh galánta agus pearsanta… Ceanglaíonn an teanga seo mé le mo thírdhreach agus le mo thimpeallacht ar bhealach a sháraíonn an méid atá le feiceáil agus atá soiléir, agus ligeann sí dom cos a leagan isteach sa rud ar thug an scríbhneoir Éireannach John O’Donohue ‘an domhan dofheicthe’ air.”
Cad a déarfá le duine atá ag smaoineamh ar chúrsa Gaeilge a dhéanamh ach nach bhfuil cinnte fós?
Is féidir cuma chasta a bheith ar an nGaeilge, go háirithe má tógadh lasmuigh d’Éirinn thú agus mura bhfuil taithí agat uirthi cheana féin. Mura bhfuil daoine cinnte an bhfuil siad réidh do chúrsa, déarfainn leo tosú trí chruthaitheoirí ábhair Gaeilge a leanúint ar na meáin shóisialta agus féachaint ar fhíseáin ar YouTube. Is bealaí iontacha iad seo chun tús a chur le foghlaim na haibítre, fuaimeanna na teanga, agus cúpla focal agus frása nua. As sin, d’fhéadfaidís bogadh ar aghaidh chuig cúrsa tosaigh, amhail an cúrsa A1 le Gaelchultúr, nuair a bhraitheann siad réidh. É sin ráite, is áit iontach le tosú freisin an cúrsa A1, fiú mura bhfuil aon chúlra agat sa Ghaeilge.
Cén dúshlán is mó a bhí romhat ar an turas seo – agus conas a sháraigh tú é?
Ba é an dúshlán ba mhó a bhí agam ná eagla a bheith orm an Ghaeilge a labhairt le daoine Éireannacha. Bhí imní orm go ndéanfaí breithiúnas orm nó go gcuirfí náire orm féin, go háirithe mar Mheiriceánach. Mar sin féin, sháraigh mé an eagla seo tar éis comhairle a fháil ó chainteoir dúchais agus mé ag taisteal i gConamara in 2022. Mhúin sí an frása “Abair amach é” dom, ag míniú gurb é sin an t-aon bhealach gur féidir leis an teanga maireachtáil agus an bealach is fearr chun muinín a chothú agus leanúint ar aghaidh ag foghlaim.
Cén tionchar a bhí ag an nGaeilge ar d’fhéiniúlacht nó ar do cheangal le cultúr na hÉireann?
Mothaím níos ceangailte le mo shliocht Éireannach, agus roinnt eolais agam ar an nGaeilge. Ní bhraithim gur duine ón taobh amuigh mé a thuilleadh agus mé ag caint faoi m’oidhreacht.
Cad iad na spriocanna Gaeilge atá agat don todhchaí?
Is iad na spriocanna gearrthéarmacha atá agam ná mo thuiscint ar an nGaeilge labhartha a fheabhsú agus a bheith níos inniúla sa chaint. Ba bhreá liom staidéar a dhéanamh i gceantar Gaeltachta lá éigin freisin chun an deis a fháil an Ghaeilge a úsáid i mo shaol laethúil.
Aon rud eile?
Do dhuine ar bith atá ag foghlaim na Gaeilge nó ag smaoineamh ar an nGaeilge a fhoghlaim, cuimhnigh: "Is fearr Gaeilge bhriste ná Béarla cliste." Is fearr eolas a bheith agat ar roinnt Gaeilge, fiú cúpla focal, ná gan eolas ar bith a bheith agat uirthi.