
Dianchúrsa Gaeilge COGG do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge

Cur síos
Beidh Dianchúrsa Gaeilge COGG ar siúl arís an samhradh seo, i gcomhar le Gaelchultúr idir 14-18 Lúnasa 2023. Is cúrsa seachtaine é an dianchúrsa atá oiriúnach do mhúinteoirí iar-bhunscoile sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna Gaeltachta a dteastaíonn uathu teanga ghinearálta agus teanga do thimpeallacht na scoile a shealbhú. Beidh deis ag rannpháirtithe an chúrsa freastal ar lá na speisaltóirí chomh maith i nGaillimh Dé Céadaoin 16 Lúnasa 2023. Roinnfear do chuid sonraí clárúcháin le COGG.
Sceideal an cúrsa
Cuir an cúrsa in áirithe
Bunrang 2 (A2) - COGG Dírithe ar mhúinteoirí nach raibh deis acu mórán Gaeilge a úsáid ina saol go dtí seo agus nach bhfuil ach beagán ama caite acu ag múineadh trí Ghaeilge. Bíonn deacrachtaí ag na daoine seo á gcur féin in iúl i nGaeilge agus tá go leor gnéithe bunúsacha den teanga nach bhfuil ar eolas acu. Bíonn drogall orthu seo an Ghaeilge a labhairt mar gheall ar an easpa taithí atá acu ó thaobh na teanga de.
Meánrang 1 (B1) - COGG Oiriúnach do mhúinteoirí a bhfuil Gaeilge réasúnta maith acu ach atá ag iarraidh cur lena líofacht agus leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach. Bíonn deacrachtaí ag an dream áirithe seo le stór focal uaireanta agus bíonn dul an Bhéarla ar a gcuid Gaeilge go minic.
Meánrang 2 (B2) - COGG Oiriúnach do mhúinteoirí a bhfuil caighdeán maith acu ó thaobh na Gaeilge labhartha de ach a dtéann sé deacair orthu uaireanta labhairt faoi thopaicí casta. Tá tuiscint réasúnta ag na múinteoirí seo ar ghramadach na Gaeilge ach fós féin tá nithe bunúsach go leor nach bhfuil ar eolas acu.
Ardrang 1 (C1) - COGG Dírithe ar mhúinteoirí atá líofa go maith ach a bhraitheann go minic go bhfuil a gcuid Gaeilge teoranta go leor agus a mbíonn deacrachtaí acu coincheapa áirithe a chur in iúl. Tá Gaeilge scríofa mhaith ag na daoine seo ach mar sin féin tá gnéithe áirithe den ghramadach nach dtuigeann siad agus a chuireann mearbhall orthu.
Ardrang 2 (C2) - COGG Feiliúnach do mhúinteoirí atá líofa agus a bhfuil leibhéal réasúnta ard cruinnis acu sa teanga scríofa agus labhartha. Tá gnéithe áirithe den ghramadach nach dtuigeann siad fós (go háirithe na rialacha a leasaíodh sa Chaighdeán Oifigiúil in 2016/17) agus cé go bhfuil caighdeán an-mhaith acu ó thaobh na teanga scríofa de, déanann siad roinnt mhaith botún agus iad ag scríobh na teanga.
Spás ar fáil
14 Lúnasa 2023 Cláraigh anoisSpás ar fáil
14 Lúnasa 2023 Cláraigh anoisSpás ar fáil
14 Lúnasa 2023 Cláraigh anoisSpás ar fáil
14 Lúnasa 2023 Cláraigh anoisSpás ar fáil
14 Lúnasa 2023 Cláraigh anoisÁr gcur chuige múinteoireachta
Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.
Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.
Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.
Foghlaim níos mó fúinnCeisteanna Coitianta
Téarmaí agus Coinníollacha
- Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
- Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
- Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
- IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
- Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
- Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
- Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
- Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.
B’fhéidir go mbeadh suim agat sna cúrsaí seo a leanas


Agallamh Gaeilge Hibernia - Dianchúrsa Ullmhúcháin Aon Lae
Foghlaim Gaeilge ar do luas féin
Is suíomh gréasáin ríomhfhoghlama é Ranganna.com a chuirfidh ar do chumas Gaeilge nádúrtha a fhoghlaim go neamhspleách. I mbeagán focal, is é an áit is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ar líne.
Bain triail as saor in aisce
