Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán: Riachtanais Iontrála agus Iarratas a chur isteach

Bunchéim / Caighdeán Béarla
Ní mór dóibh siúd a chuirfidh iarratas isteach ar an gcúrsa:

(1) Bunchéim sa Ghaeilge a bheith acu, nó a comhionann (e.g. B.Ed.), ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí nó bunchéim a bheith acu i ndisciplín eile ag leibhéal 8 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí.
(2) Ar a laghad grád B (gnáthleibhéal) nó grád D (ardleibhéal) sa Bhéarla ag leibhéal na hArdteistiméireachta nó a chomhionann.

Nóta: Beidh ar iarratasóirí a n-éireoidh leo áit a bhaint amach ar an gcúrsa seo tras-scríbhinn dá gcuid torthaí sa bhunchéim a chur ar fáil.

Scrúdú iontrála / Béaltriail
Beidh ar gach iarratasóir tabhairt faoi scrúdú iontrála chun a oiriúnacht don chlár a léiriú. Beidh idir aistriúchán agus ghramadach i gceist sa scrúdú scríofa seo agus beidh rogha idir dhá dháta éagsúla acusan ar mian leo é a dhéanamh: Dé Sathairn, 2 Iúil 2022 nó Dé Sathairn, 27 Lúnasa 2022 (2.00–4.00pm ar an dá dháta).

Tábhachtach: De bhrí nach bhfuil ach 15 áit ar fáil ar an gcúrsa, d’fhéadfadh buntáiste a bheith acusan a dhéanfadh an scrúdú iontrála i mí Iúil.

Nóta: Ní gá dóibhsean ar éirigh leo pas a fháil i scrúdú ceann cúrsa an Dianchúrsa Ullmhúcháin i gCruinneas na Gaeilge an scrúdú iontrála seo a dhéanamh. Más mian leo marc níos airde a bhaint amach ná mar a fuair siad sa scrúdú ceann cúrsa, áfach, beidh fáilte rompu an scrúdú iontrála a dhéanamh.

D’fhéadfaí béaltriail a chur ar iarratasóirí mar chuid den phróiseas iontrála.

Cinneadh maidir le háiteanna
Cuirfear na nithe seo a leanas san áireamh agus cinneadh á dhéanamh maidir leis na hiarratasóirí a mbronnfar áit ar an gcúrsa orthu:
• cáilíochtaí acadúla
• freagraí ar an bhfoirm iarratais
• toradh sa scrúdú iontrála
• toradh san agallamh má bhíonn a leithéid i gceist.

Spriocdháta d’iarratais
Tá dhá spriocdháta ann d’iarratais i gcás chúrsa 2022–2023: Déardaoin, 23 Meitheamh 2022 nó Dé hAoine, 19 Lúnasa 2022.

Táillí teagaisc
€1,495 in aghaidh an tseimeastair (€4,485 san iomlán) an táille a bheidh le híoc ag rannpháirtithe an chúrsa. Tá faoiseamh cánach le fáil ó na Coimisinéirí Ioncaim (www.revenue.ie) i gcás táillí dá leithéid.

Iarratas a chur isteach
Tá trí shlí éagsúla ann chun iarratas a dhéanamh ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán:

(1) Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais seo thíos agus seol chuig Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr í faoin spriocdháta. Foirm Iarratais (Leagan Word).
(2) Comhlánaigh leagan ar líne den fhoirm iarratais anseo faoin spriocdháta.
(3) Comhlánaigh an fhoirm iarratais
atá mar chuid de bhróisiúr an chúrsa agus seol chuig Gaelchultúr í faoin spriocdháta.

Treoir maidir leis an scrúdú iontrála
(1) Beidh deis ag iarratasóirí tabhairt faoi scrúdú iontrála an chúrsa idir 2.00pm agus 4.00pm ar na dátaí seo a leanas: Dé Sathairn, 2 Iúil 2022 nó Dé Sathairn, 27 Lúnasa 2022.
(2) Ar Zoom a bheidh an dá scrúdú iontrála ar siúl. Cuirfear treoir theicniúil chuig na hiarrthóirí roimh ré agus eolas maidir le logáil isteach don scrúdú.
(3) Ní mór logáil isteach ar Zoom ar a laghad ceathrú uaire roimh thús an scrúdaithe.
(4) Ní bheidh cead ag iarrthóirí ríomhaire ná leabhar/áis tagartha de chineál ar bith a úsáid le linn an scrúdaithe.
(5) Beidh ar iarrthóirí a gcuid freagraí a chlóscríobh i gcomhad a sheolfar chucu roimh an scrúdú.
(6) Má bhíonn siad críochnaithe go luath leis an scrúdú, beidh siad in ann an comhad ina mbeidh a gcuid freagraí a sheoladh chuig dianchursa@gaelchultur.com agus an scrúdú a fhágáil.
(7) Tá páipéir scrúdaithe shamplacha le fáil thíos. Beidh na cinn a úsáidfear ar an 2 Iúil agus ar an 27 Lúnasa mórán mar an gcéanna.
(8) Nuair a bheidh scrúdú samplach déanta agat, déan comparáid idir do chuid freagraíse agus na freagraí samplacha atá curtha ar fáil (cliceáil ar an nasc cuí chun iad sin a fheiceáil).

Ceisteanna an scrúdaithe iontrála
Ceist 1 (40 marc)
Beidh deich n-abairt le haistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
Ceist 2 (20 marc)
Beidh na focail idir lúibíní le hathrú, más gá. Díreofar ar ghnéithe éagsúla den ghramadach sa cheist seo.
Ceist 3 (20 marc)
Beidh na focail idir lúibíní le hathrú, más gá. An t-ainmfhocal agus an aidiacht nó ainmfhocal agus ainmfhocal san ainmneach uatha agus san ainmneach iolra a bheidh i gceist.
Ceist 4 (10 marc)
Díreofar ar na gnéithe seo a leanas den ghramadach:
- réamhfhocail shimplí;
- bunuimhreacha + ainmfhocail;
- clásal coibhneasta díreach agus indíreach;
- uimhreacha pearsanta;
- forainmneacha réamhfhoclacha
Ceist 5 (10 marc)
Díreofar ar fhoirm an ainmnigh in áit an ghinidigh sa cheist seo.

Comhairle maidir le roinnt an ama sa scrúdú
An páipéar a léamh: 10 nóiméad
Ceist 1: 50 nóiméad
Ceist 2: 20 nóiméad
Ceist 3: 20 nóiméad
Ceist 4: 10 nóiméad
Ceist 5: 10 nóiméad

Scrúdú iontrála: páipéir shamplacha

Páipéar samplach 1
Tá páipéar scrúdaithe samplach 1 le fáil ach cliceáil anseo. Beidh an ceann a úsáidfear ar an 2 Iúil agus ar an 27 Lúnasa mórán mar an gcéanna. Nuair a bheidh an scrúdú samplach déanta agat, féach ar fhreagraí na gceisteanna sa chomhad seo: Freagraí ar cheisteanna Pháipéar Samplach 1.

Páipéar samplach 2
Tá páipéar scrúdaithe samplach 2 le fáil ach cliceáil anseo. Beidh an ceann a úsáidfear ar an 2 Iúil agus ar an 27 Lúnasa mórán mar an gcéanna. Nuair a bheidh an scrúdú samplach déanta agat, féach ar fhreagraí na gceisteanna sa chomhad seo: Freagraí ar cheisteanna Pháipéar Samplach 2

Scoláireacht
I mbliana arís cuirfear scoláireacht (is é sin, an cúrsa saor ó tháillí) ar fáil do dhuine amháin de na mic léinn a bhainfidh áit amach ar an gcúrsa. Iarrtar orthusan a bhfuil suim acu cur isteach ar an scoláireacht an fhoirm chuí a chomhlánú agus í a sheoladh isteach le foirm iarratais an chúrsa.
Tá an fhoirm don scoláireacht le fáil anseo.