Post mar Fheidhmeannach Margaíochta

Tá Coláiste na hÉireann/Gaelchultúr ag lorg duine fuinniúil, cruthaitheach, neamhspleách agus cumasach a bhfuil ardscileanna cumarsáide acu le bheith ag obair mar Fheidhmeannach Margaíochta. Conradh buan atá i gceist leis an ról seo agus beidh obair ó chian i gceist chomh maith.
Ní mór d’iarrthóirí caighdeán réasúnta ard Gaeilge a bheith acu, taithí a bheith acu ar na meáin shóisialta agus cur amach a bheith acu ar fheidhmchláir deartha.
Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre. Beidh deiseanna ag an té a cheapfar oiliúint a fháil sa chomhlacht féin agus taobh amuigh de.
Dualgais
Seo iad na príomhdhualgais a bheidh ar an bhFeidhmeannach Margaíochta:
Cáilíocht riachtanach
Céim tríú leibhéal (leibhéal 8 de Chreat Náisiúnta na gCáilíochtaí)Cáilíocht/scileanna/taithí inmhianaithe
Ní mór d’iarrthóirí CV, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig: poist@gaelchultur.com
Spriocdháta d’iarratais: Dé hAoine, 23 Meitheamh 2023
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig: poist@gaelchultur.com