Oifigeach Acmhainní agus Tacaíochta Foghlama
Tá post lánaimseartha mar Oifigeach Acmhainní agus Tacaíochta Foghlama ar fáil i gColáiste na hÉireann/Gaelchultúr. Conradh buan atá i gceist agus beidh an té a cheapfar in ann a bheith ag obair ó chian nó in oifigí an choláiste.
Tá duine ildánach, críochnúil agus féinspreagtha, a bhfuil scileanna láidre cumarsáide acu, á lorg againn dár bhfoireann acadúil. Beidh an té a cheapfar freagrach as acmhainní teagaisc agus foghlama ardchaighdeáin d'fhoghlaimeoirí fásta a chur in eagar agus a fhorbairt, chomh maith le comhairle agus treoir acadúil a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí, agus deiseanna oiliúna a chur ar fáil agus a fhorbairt do mhúinteoirí agus do cheartaitheoirí ar bhonn rialta. Mar chuid den ról freisin, beidh monatóireacht leanúnach le déanamh ar aiseolas ó fhoghlaimeoirí agus ó mhúinteoirí, léamh profaí agus eagarthóireacht le déanamh ar ábhar don suíomh gréasáin agus do na meáin shóisialta, agus ranganna le teagasc ó am go chéile.
Bheadh an ról seo oiriúnach do dhuine a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge acu, idir scríofa agus labhartha, agus a bhfuil taithí acu ar mhúineadh na Gaeilge (nó teanga eile) do dhaoine fásta agus ar an bhfoghlaim ar líne. Ní mór tuiscint ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (CEFR) agus ardscileanna ríomhaireachta a bheith ag an duine freisin.
Tuarastal de réir taithí agus cáilíochtaí; gnáthuaireanta oibre. Cuirfear deiseanna oiliúna ar fáil don té a cheapfar.
Tá achoimre le fáil thíos ar na príomhdhualgais a bhaineann leis an ról agus ar na cáilíochtaí agus taithí a bheadh ag an iarrthóir oiriúnach.
Dualgais
- Acmhainní teagaisc agus foghlama a chur le chéile
- Eagarthóireacht ar acmhainní teagaisc agus foghlama
- Comhairle agus treoir acadúil a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí
- Oiliúint agus comhairle a chur ar fáil do mhúinteoirí agus ceartaitheoirí
- Monatóireacht agus athbhreithniú ar aiseolas ó fhoghlaimeoirí agus ó mhúinteoirí
- Eagarthóireacht agus léamh profaí ar ábhar don suíomh agus do na meáin shóisialta
- Cúrsaí Gaeilge a theagasc d'fhoghlaimeoirí ag leibhéil éagsúla chumais (ó am go chéile)
Cáilíochtaí agus Taithí Riachtanach
- Máistreacht sa Ghaeilge nó a comhionann (Leibhéal 9 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí)
- Taithí ar mhúineadh na Gaeilge (nó teanga eile) do dhaoine fásta
- Taithí ar an bhfoghlaim ar líne agus ar an ríomhfhoghlaim
- Taithí ar thacaíocht a chur ar fáil d'fhoghlaimeoirí
- Caighdeán ard Gaeilge, idir labhartha agus scríofa
- Tuiscint ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (CEFR)
- Ardscileanna ríomhaireachta, go háirithe formáidiú ábhar agus ábhar foghlama a dhearadh
Cáilíochtaí / Taithí / Scileanna Inmhianaithe
- Cáilíocht teagaisc (e.g., bunchéim, iarchéim, TEFL)
- Taithí ar shiollabais agus pleananna ceachta a fhorbairt
- Cur amach ar theicneolaíochtaí foghlama
- Taithí ar ábhar a chur agus a nuashonrú ar shuíomhanna gréasáin nó ar ardáin ríomhfhoghlama
- Taithí eagarthóireachta / profléitheoireachta
- Taithí ar obair aistriúcháin
Ní mór d'iarrthóirí CV, mar aon le litir iarratais, a sheoladh chuig: poist@gaelchultur.com
Spriocdháta d'iarratais: 5pm, Dé Luain, 27 Iúil 2026
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach ríomhphost a sheoladh chuig: poist@gaelchultur.com