Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil

Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil
€745.00
Ó 10 Meán Fómhair 2024
Cúrsa 3 mhí
30 Uair
5 Leibhéal

Cur síos

Is clár páirtaimseartha é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG) atá dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh a bheith in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Bíonn deis acusan a thugann faoin TGG sainteanga a fhoghlaim a bhaineann go dlúth lena gcuid oibre agus cáilíocht aitheanta a bhaint amach ag an am céanna.

Aidhm an chúrsa

Tá sé d’aidhm ag an TGG an mhuinín agus na scileanna teanga a thabhairt do na rannpháirtithe a chuirfidh ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge leis an bpobal i gcomhthéacs na hoibre agus an teanga a úsáid go sóisialta chomh maith. Cabhraíonn an cúrsa leis na rannpháirtithe seirbhís níos fearr a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge, rud a chuidíonn leis na comhlachtaí ina bhfuil siad ag obair a gcuid dualgas maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a chomhlíonadh.

Leibhéil

Tá an TGG ar fáil ag cúig leibhéal éagsúla de chuid an Chreata Náisiúnta Cáilíochtaí, is é sin, Leibhéal 2, Leibhéal 3, Leibhéal 4, Leibhéal 5 agus Leibhéal 6.

Struchtúr an chúrsa

Freastalaíonn mic léinn an chúrsa ar sheisiúin sa seomra ranga nó beo ar líne, uair sa tseachtain de ghnáth. Lena chois sin, cruthaítear cuntas dóibh ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna. com, agus bíonn deis acu ceachtanna idirghníomhacha a dhéanamh ar an suíomh sin agus aiseolas a fháil láithreach. Bíonn siad in ann úsáid a bhaint as an áis seo agus iad ag dul siar ar ábhar na ranganna atá déanta acu agus ag ullmhú do na cinn atá fós le teacht.

Ábhar

Bíonn meascán den teanga ghinearálta agus den tsainteanga i gceist sa chúrsa. Foghlaimíonn na rannpháirtithe téarmaíocht a bhaineann leis an ionad oibre agus cuirtear ar a gcumas freisin déileáil le custaiméirí trí Ghaeilge ar an nguthán agus aghaidh ar aghaidh.

Cur chuige múinteoireachta

Baineann múinteoirí an TGG úsáid as cur chuige múinteoireachta nua-aimseartha, foghlaimeoirlárnach sa seomra ranga. Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa, gníomhaíochtaí rólghlactha agus cluichí teanga i gceist go leanúnach, rud a thugann deis do na mic léinn cleachtadh a dhéanamh ar an méid atá díreach múinte dóibh. Múintear méid áirithe gramadaí le linn an chúrsa, ach déantar é seo ar bhealach an-idirghníomhach, agus tugtar tús áite do chleachtaí múscailte comhfheasa. Ní mhúintear ach an ghramadach a chuireann ar chumas na bhfoghlaimeoirí cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh agus seachnaítear téarmaíocht chasta.

Measúnú

Déanann na rannpháirtithe measúnú leanúnach i rith an chúrsa agus is fiú 55% de mharcanna an chláir an obair leanúnach seo. Bíonn béaltriail acu ag deireadh an chúrsa freisin agus is fiú 45% de na marcanna an scrúdú áirithe sin.

Bróisiúr an chúrsa

Cuir an cúrsa in áirithe

Cúrsa 3 mhí
|
30 Uair
|
5 Leibhéal
|
€745.00

Leibhéal 2 (A1) Tá Leibhéal 2 oiriúnach dóibh siúd nach bhfuil aon eolas acu nó nach bhfuil mórán eolais acu ar an nGaeilge (e.g. daoine nach raibh deis acu Gaeilge a fhoghlaim ar scoil nó a d’fhág an scoil go luath), ach a mbeadh suim acu buneolas a bheith acu ar an teanga. Tá an bhéim sa chúrsa ar labhairt na teanga agus ar scileanna éisteachta a fhorbairt, ach bíonn roinnt deiseanna ag na mic léinn an teanga a léamh agus a scríobh freisin.

Leibhéal 3 (A2) Tá Leibhéal 3 oiriúnach do dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge cheana féin agus atá ábalta cumarsáid an-bhunúsach a dhéanamh sa teanga (labhairt faoina gcúlra agus faoina n-áit chónaithe, mar shampla). Tá an bhéim sa chúrsa ar labhairt na teanga agus ar scileanna éisteachta a fhorbairt, ach bíonn roinnt deiseanna ag na mic léinn an teanga a léamh agus a scríobh freisin.

Leibhéal 4 (B1) Tá Leibhéal 4 dírithe ar dhaoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil, b’fhéidir roinnt mhaith blianta ó shin, a thuigeann go leor den teanga ach nach raibh mórán deiseanna acu í a úsáid le blianta beaga anuas. Tá an bhéim sa chúrsa ar labhairt na teanga agus ar scileanna éisteachta a fhorbairt, ach bíonn roinnt deiseanna ag na mic léinn an teanga a léamh agus a scríobh freisin.

Leibhéal 5 (B2) Tá Leibhéal 5 feiliúnach do dhaoine atá breá ábalta comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge agus a úsáideann í ó am go chéile – go sóisialta nó san obair, mar shampla. Tá idir labhairt, éisteacht, scríobh agus léamh i gceist sa chúrsa.

Leibhéal 6 (C1) Tá Leibhéal 6 oiriúnach dóibhsean a bhfuil Gaeilge líofa acu ar mian leo an deis a fháil díriú ar thopaicí dúshlánacha. Bíonn seans ag na rannpháirtithe cur lena saibhreas teanga agus tuiscint níos fearr a fháil ar ghramadach na Gaeilge. Lena chois sin, foghlaimíonn siad stór focal úsáideach a bhaineann leis an obair agus leis an saol comhaimseartha.

Leibhéil Am Dáta tosaigh

Ár gcur chuige múinteoireachta

Tá siollabais chuimsitheacha forbartha ag Gaelchultúr agus leantar na siollabais seo i ngach rang ag gach leibhéal.

Baineann cuid múinteoirí Ghaelchultúir úsáid as an gcur chuige cumarsáideach, rud a chiallaíonn go mbíonn deis ag na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang.

Bíonn obair bheirte agus obair ghrúpa i gceist go leanúnach, mar sin bíonn seans ag na foghlaimeoirí cleachtadh a dhéanamh ar an méid a mhúintear dóibh. Bíonn an bhéim ar labhairt na teanga agus ar an éisteacht den chuid is mó (ach amháin sa rang cruinnis), ach tugtar deis do na foghlaimeoirí an teanga a léamh agus a scríobh ó am go chéile chomh maith.

Foghlaim níos mó fúinn

Ceisteanna Coitianta

Is féidir clárú don Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar www.gaelchultur.com. Tá suirbhé measúnaithe mar chuid den chóras clárúcháin ar an suíomh. Má tá an cúrsa á mhaoiniú ag d'áit oibre, is gá cead a fháil le tabhairt faoin gcúrsa sula gcuirfidh tú in áirithe é. Nóta: Má thiteann d'áit oibre faoi scáth OneLearning, an tIonad nua Foghlama agus Forbartha don Státseirbhís, agus más mian leat tabhairt faoi chúrsa ag Leibhéal 2, 3, 4, 5 nó 6, déan teagmháil le do Rannóg Foghlama agus Forbartha/Traenála agus socróidh siadsan an oiliúint duit trí chóras iarratais OneLearning.
Bíonn measúnú leanúnach (léamhthuiscintí, cleachtaí scríofa agus trialacha cluastuisceana) mar chuid lárnach den chúrsa agus bíonn béaltriail le déanamh ag na mic léinn ar chríochnú an chláir dóibh.
Ní mór dóibhsean ar mian leo tabhairt faoin gcúrsa ag Leibhéal 3, Leibhéal 4, Leibhéal 5 nó Leibhéal 6 íoschaighdeán áirithe a bheith acu sa Ghaeilge. Déantar é seo a mheas i suirbhé measúnaithe roimh an gcúrsa.
Caithfidh bunscileanna ríomhaireachta a bheith ag na rannpháirtithe (e.g. a bheith in ann teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a fháil, brabhsálaí a úsáid, comhaid fuaime a sheinm). Ní mór dóibh fáil a bheith acu ar ríomhaire ar feadh cúpla uair an chloig sa tseachtain don rang féin agus de bhrí go mbíonn ullmhúchán ar líne le déanamh acu roimh gach seisiún.
Is féidir le formhór na mac léinn a n-éireoidh leo sa TGG tabhairt faoin gcéad leibhéal eile. Tá sé tábhachtach, áfach, go mbeadh leibhéal an chúrsa oiriúnach don fhoghlaimeoir agus, chuige sin, b’fhéidir go n-iarrfaí ar mhic léinn áirithe measúnú gearr a dhéanamh sula bhféadfaidís bogadh ar aghaidh.
Maireann na ranganna beo ar líne dhá uair go leith agus bíonn siad ar siúl lá amháin sa tseachtain ar feadh 12 sheachtain. Bíonn na ranganna seo thar a bheith idirghníomhach: bíonn deis ag na rannpháirtithe labhairt leis an múinteoir agus obair bheirte agus obair ghrúpa a dhéanamh. Chun freastal ar na ranganna ní bheidh ag teastáil ach ríomhaire glúine nó deisce atá suite i spás ciúin, gléas cinn a bhfuil micreafón mar chuid de (ceann USB, más féidir), agus ceangal maith leathanbhanda. Is féidir leis na mic léinn ceamara a úsáid freisin ach níl sé seo riachtanach.

Téarmaí agus Coinníollacha

  • Is féidir táille cúrsa a aisíoc ina hiomláine le foghlaimeoir suas go cúig lá oibre roimh thús an chúrsa. Is gá teagmháil a dhéanamh le foireann Ghaelchultúir ar an ríomhphost nó ar an nguthán agus an aisíocaíocht sin a iarraidh. (Tá ár gcuid sonraí teagmhála ar fáil anseo.)
  • Má shocraíonn an mac léinn i ndiaidh an chéad ranga gur mhaith leis/léi éirí as an gcúrsa, aisíocfar 60% den táille iomlán leis/léi. Ina dhiaidh sin, ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn.
  • Tá sé de cheart ag Gaelchultúr Teoranta rang a chur ar ceal nó ranganna a chur le chéile.
  • IMás gá cúrsa a chur ar ceal, déanfar gach iarracht na rannpháirtithe a chur i rang eile nó a chlárú ar chúrsa ar líne. Tabharfar aisíocaíocht iomlán don chustaiméir mura bhfeileann na roghanna sin dó/di.
  • Ní féidir le mac léinn a c(h)lárúchán a chur siar ach uair amháin. Más mian leis/léi an clárúchán a chur siar, is gá é sin a chur in iúl d’fhoireann Ghaelchultúr faoi sheachtain a trí den chúrsa. Ní thabharfar aon aisíocaíocht don mhac léinn mura nglacann sé/sí le háit ar an gcéad chúrsa eile a bhfuil sé/sí in ainm is freastal air.
  • Má chláraíonn mac léinn ar an leibhéal mícheart, ní ghlacfaidh Gaelchultúr le freagracht ar bith maidir leis sin. Molaimid dár mic léinn ar fad tabhairt faoin triail Ghaeilge ar líne nó comhairle a lorg uainn le cinntiú go bhfuil siad ag tabhairt faoin leibhéal ceart.
  • Má tá mac léinn ag iarraidh bogadh go leibhéal eile, ní féidir gealltanas a thabhairt go mbeidh spás ar fáil dó/di sa leibhéal sin. Má bhíonn spás ar fáil, gearrfaidh Gaelchultúr €10 le híoc as an gcostas riaracháin a bhainfidh leis an aistriú. Ní féidir aistriú go leibhéal eile ach i ndiaidh an chéad ranga amháin.
  • Is gá táille iomlán an chúrsa a íoc roimh thús an chúrsa. Ní féidir freastal ar an gcúrsa mura bhfuil an táille iomlán íoctha.