Na bealaí is fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim

Scríofa ag Niamh Nic Leoid Bealtaine, 2022
Roinn:

Ar mhaith leat an Ghaeilge a fhoghlaim ach níl tú róchinnte cén chaoi le tabhairt faoi? Tá foghlaim teanga nua in ann a bheith dúshlánach ach seo roinnt moltaí chun cabhrú leat agus tú ag tabhairt faoi fhoghlaim na Gaeilge:

Na bealaí is fearr chun an Ghaeilge a fhoghlaim

Cúrsaí Gaeilge

Ceann de na bealaí is fearr chun teanga a fhoghlaim ná freastal ar chúrsa teanga. Sa lá atá inniu ann, tá cúrsaí Gaeilge ar fáil sa seomra ranga agus ar líne. Is é Gaelchultúr an soláthraí is mó cúrsaí Gaeilge ar domhan agus an chéad institiúid tríú leibhéal lán-Ghaeilge. Tá pobal domhanda foghlaimeoirí ag Gaelchultúr agus tá ós cionn 50,000 duine tar éis freastal ar chúrsaí éagsúla ó bhreis is 30 tír. Tá na seirbhísí a chuireann an eagraíocht ar fáil ar ardchaighdeán agus tá cúrsaí ar fáil do gach leibhéal cumais.


Cairde Nua

Is féidir bualadh le foghlaimeoirí eile trí fhreastal ar chúrsaí agus b’fhiú go mór iarracht a dhéanamh bualadh lena chéile taobh amuigh den seomra ranga chomh maith. Dá mhéad deiseanna cainte a bhíonn agat, is ea is mó a fhoghlaimítear. Bealaí eile chun bualadh le Gaeilgeoirí ná trí fhreastal ar imeachtaí ar nós ciorcail chainte, féilte agus Pop-up Gaeltachtaí. Tá sé tábhachtach deiseanna idirghníomhaíochta cainte a chruthú chomh minic agus is féidir.


Teilifís & Raidió

Tá neart scannán agus cláir theilifíse Ghaeilge ar ardchaighdeán le fáil ar TG4. Fiú mura dtuigeann tú gach rud, beidh tú in ann iad a leanúint trí úsáid na bhfotheideal agus de réir a chéile, tuigfidh tú níos mó. Tiocfaidh an lá nach dteastóidh fotheidil ar bith uait! Is áiseanna maithe iad an raidió agus podchraoltaí freisin – cuir ar siúl an nuacht nó éist le cúrsaí spóirt nó faisin – cíbe rud a bhfuil suim agat ann. Mar a luadh cheana, ní thuigfidh tú gach rud ach tóg nóta de na focail nua a chloiseann tú agus beidh tú ag cur go mór le do stór focal.


Léitheoireacht

Tosaigh le leabhair do pháistí agus de réir a chéile beidh tú ábalta úrscéal de do rogha féin a léamh. Tá leabhair do pháistí iontach le haghaidh do stór focal a fhorbairt agus dul i dtaithí ar struchtúr na teanga. Cabhraíonn na híomhánna freisin go mór le do thuiscint. Tá irisí ar líne amhail Tuairisc.ie agus Nós iontach freisin mar ábhar léitheoireachta agus iad éasca teacht orthu ar fud na cruinne.


Cuairt ar an nGaeltacht

Is sna Gaeltachtaí a fheicfidh tú cuid de na radhairc is áille sa tír agus is iontu a bhuailfidh tú leis na daoine is cairdiúla. B’fhiú go mór cuairt a thabhairt orthu agus iarracht a dhéanamh do phionta Guinness a ordú as Gaeilge. Is féidir leat dul ann ar laethanta saoire nó bíonn neart deiseanna sa samhradh chun freastal ar chúrsaí teanga seachtaine nó coicíse sna ceantair éagsúla.


Spriocanna pearsanta

Ní gá brú a chur ort féin i dtaobh scrúduithe agus grád ach is fiú spriocanna pearsanta a leagan amach duit féin ar mhaithe leat féin a spreagadh chun foghlama. Sampla de spriocanna mar sin ná leabhar a roghnú le léamh, scéal nó litir a scríobh nó fiú cáilíochtaí a bhaint amach. Tugtar spreagadh d’fhoghlaimeoirí trí na tascanna seo a mhothaíonn cosúil le héachtaí beaga chun leanúint ar aghaidh leis an bhfoghlaim.


Cleachtadh leanúnach

Is iad cúrsaí Gaeilge an tslí is fearr chun Gaeilge a fhoghlaim ach ní leor freastal ar rang uair sa tseachtain, má tá sé mar sprioc agat líofacht sa teanga a bhaint amach. Caithfidh tú a bheith sásta beagán foghlama a dhéanamh gach lá. Ní gá suí síos le leabhar gramadaí agus foclóir gach lá ach b’fhiú go mór glacadh leis na leideanna eile sa bhlag (teilifís, léitheoireacht, imeachtaí sóisialta, s.rl.).


Bí oscailte agus bain taitneamh as!

Caithfidh tú a bheith sásta agus toilteanach amadán a dhéanamh díot féin in amanna agus tú ag foghlaim teanga. Déanfaidh tú botúin ach sin mar a bhíonn sé agus tú ag tosú amach. Léiríonn na botúin seo go bhfuil tú ag déanamh iarrachta agus is mar sin a fhoghlaimeoidh tú. Bí oscailte chun neart cainte a dhéanamh, bualadh le daoine nua agus deiseanna foghlama éagsúla a thapú. An rud is tábhachtaí, ar ndóigh, ná go mbainfidh tú taitneamh as!


Bí foighneach

Mar fhocal scoir, leid atá an-tábhachtach ná go bhfuil ort a bheith foighneach! Is de réir a chéile a fhoghlaimítear teanga agus ní bheidh gach céim den phróiseas foghlama éasca. Mura mbeidh tú foighneach, éireoidh tú as foghlaim na teanga i bhfad sula mbeidh caighdeán ard Gaeilge bainte amach agat. Sa deireadh beidh toradh gach iarrachta agus píosa oibre a rinne tú le feiceáil go soiléir agus beidh tú breá sásta gur chloígh tú leis.


Tá sé iontach go bhfuil suim agat i bhfoghlaim na Gaeilge agus tá súil againn go gcabhróidh an phostáil seo leat nó go spreagfaidh sé thú. Ní oireann an cur chuige foghlama teanga céanna do gach duine ach is cinnte gur féidir le formhór na bhfoghlaimeoirí leas a bhaint as na leideanna seo. Bí cinnte an phostáil seo a roinnt le duine ar bith eile a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a fhoghlaim. Ádh mór!


Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: