An tAcht, an Todhchaí agus Oifig an Choimisinéara Teanga

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Márta, 2023
Roinn:

Bhí lúcháir orainn le déanaí fáilte a chur roimh Pháidí Ó Lionáird, Bainisteoir Cumarsáide in Oifig an Choimisinéara Teanga, chuig ár gcoláiste. Agus plé dinimiciúil domhain faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 á stiúradh aige, roinn Ó Lionáird pleananna an Choimisinéara agus an stáit maidir le todhchaí na Gaeilge san earnáil phoiblí agus in Institiúidí an Aontais Eorpaigh.

An tAcht, an Todhchaí agus Oifig an Choimisinéara Teanga

Is é/í Uachtarán na hÉireann a cheapann an Coimisinéir Teanga agus tá sé de dhualgas ar an gCoimisinéir arna roghnú monatóireacht a dhéanamh ar eagraíochtaí stáit lena dheimhniú go bhfuil siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin Acht. Tá Oifig an Choimisinéara freagrach chomh maith as imscrúduithe a dhéanamh ar aon eagraíocht stáit i gcás ina gcreidtear go bhfuil ag teip uirthi a cuid dualgas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh.

Rinneadh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla i mí na Nollag 2021 agus tá níos mó cearta teanga ag lucht na Gaeilge ná mar a bhí riamh dá bharr. Is é príomhsprioc an Achta leasaithe seo ná seirbhísí a chuireann an earnáil phoiblí ar fáil don phobal trí mheán na Gaeilge a fhorbairt agus a fheabhsú agus an teanga a chur chun cinn i ngach gné de ghnó na hearnála sin. Faoin Acht leasaithe seo, mar shampla, is gá go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil go fairsing i bhfógraí, i lógónna agus i gcomhfhreagras eagraíochtaí stáit as seo amach.

Is iontach iad na leasuithe seo do Ghaeilgeoirí atá ag iarraidh comhfhreagras a dhéanamh le comhlachtaí poiblí as Gaeilge – ach tá tuilleadh dea-scéala i ndán dóibh lena chois sin! Leagtar amach sa reachtaíocht freisin gur cheart go mbeadh 20% d’earcaigh nua sa tseirbhís phoiblí inniúil sa Ghaeilge faoin mbliain 2030, rud a fhágann go gcruthófar tuilleadh deiseanna fostaíochta dóibh siúd a bhfuil ardscileanna teanga acu.

Ó bhí 2011 ann, tá Gaelchultúr á roghnú ag an gcomhlacht stáit Foras na Gaeilge le cúrsaí oiliúna Gaeilge a fhorbairt agus a sholáthar don earnáil phoiblí. Tá an coláiste tiomanta do na seirbhísí Gaeilge a chuirtear ar fáil don phobal a fhorbairt, a threisiú agus a fheabhsú trí chúrsaí oiliúna ceannródaíocha a fhorbairt agus a sholáthar d’fhostaithe stáit. Caitheann foireann an choláiste an-dua chun tuiscint a fháil agus iniúchadh a dhéanamh ar riachtanais teanga na státseirbhíse agus an phobail araon. Is é an sprioc atá againn ná a bheith chun tosaigh ar na riachtanais agus ar na treochtaí sin i gcónaí le gur féidir linn leanúint d’fheabhas agus inrochtaineacht seirbhísí Gaeilge a chur chun cinn go héifeachtach.

‘Ba dheis iontach dár bhfoireann é an cruinniú le Páidí Ó Lionáird tuiscint níos doimhne a fháil ar ról na Gaeilge san earnáil phoiblí agus beidh sé mar threoir againn agus muid ag leanúint de dheiseanna ábhartha oiliúna a chruthú do státseirbhísigh,’ a mhínigh Darren Ó Rodaigh, Cathaoirleach Feidhmiúcháin an choláiste.

Tá réimse leathan sainchúrsaí forbartha ag Gaelchultúr cheana féin agus tá sé mar aidhm againn an deis a thabhairt d’fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a gcuid scileanna teanga a fheabhsú le go mbeidh siad in ann dualgais teanga a n-eagraíochtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 a chomhlíonadh.

I measc na gcúrsaí seo tá an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (TGG). Is clár páirtaimseartha é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil atá dírithe ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhíonn ag plé leis an bpobal ar bhonn rialta agus ar gá dóibh a bheith in ann seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil uaireanta. Tá an-tóir ar an teastas cuimsitheach seo agus é críochnaithe ag breis is 2,000 státseirbhíseach go dtí seo.

Cúrsaí eile atá luachmhar d’fhostaithe na hearnála poiblí nó dóibh siúd ar mhaith leo cur isteach ar phost in eagraíocht stáit amach anseo, ná:

1. Scileanna Gutháin agus Seirbhís do Chustaiméirí

2. Óráidí a Thabhairt i nGaeilge

3. Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge

Tá sé mar aidhm ag na cúrsaí seo an mhuinín agus na scileanna cuí teanga a thabhairt do na rannpháirtithe lena chur ar a gcumas seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar don phobal. Más mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi na cúrsaí móréilimh seo nó riachtanais teanga d’eagraíochta féin a phlé, déan teagmháil linn ag fios@gaelchultur.com.

Le hionchur ó Oifig an Choimisinéara Teanga, tá Gaelchultúr lán le fuinneamh agus muid ag caitheamh súil ar an gcéad ré eile i saol na Gaeilge agus ag obair chun fís an Choimisinéara a bhaint amach.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: