An tSamhain: Bunús Gaelach Oíche Shamhna
Agus Oíche Shamhna ag druidim linn, tá sé in am dúinn ár gcroí a chur sa séasúr scáfar! Táimid gnóthach ag eagrú feisteas grúpa anseo ag Gaelchultúr faoi láthair (ní fheadar an bhfuil Barbenheimer seanchaite faoin am seo?), ach fadó fadó bhíodh muintir na hÉireann faoi bhrú de chineál eile ag an tráth seo den bhliain, agus iad á n-ullmhú féin lena dtithe agus a dtailte a chosaint díreach roimh ionradh na sióg – an gnáthrud, tá a fhios agat féin!
An bhfuil mearbhall ort agus tú á léamh seo? B’fhéidir gur cheart dúinn an comhthéacs a mhíniú beagáinín!
Is in Éirinn a ceiliúradh Oíche Shamhna den chéad uair agus ba í “an tSamhain” an t-ainm a bhí ar an bhféile ar dtús. Ba é an chéad lá de mhí na Samhna, nó ‘Lá Samhna’, lá na bliana úire agus tús an gheimhridh araon do na Gaeil. De réir mhiotaseolaíocht na nGael, am tairseachúil ab ea Oíche Shamhna (an oíche roimh Lá Samhna) agus chreid siad go mbíodh an deighilt idir an saol seo agus an saol eile, nó an t-alltar, doiléir an oíche sin de bharr gur thit sí idir dhá bhliain. De réir sheanchas na hÉireann, bhíodh sprideanna agus sióga in ann taisteal trasna na dteorainneacha doiléire agus isteach inár saol féin. Bhí nósanna ag na Sean-Ghaeil chun déileáil le teacht na sióg, áfach, agus cuid acu á gcleachtadh againn go fóill i ngan fhios dúinn!
Tine Chnámh: Ní bhíodh daoine ag bailiú pailléid adhmaid agus ag ól cannaí beorach le cairde ag tinte cnámh fadó! Lasaidís cnámha ainmhithe le cúl a chur ar ainspridí agus is dá bharr sin a úsáidtear an téarma ‘tine chnámh’ fós. Chreid daoine go raibh airíonna glantacháin agus cumhacht na beatha sa tine chnámh, agus scaipidís luaithreach na gcnámh ar an talamh le cúl a choinneáil ar na mairbh agus leis na barra a bheannú don chéad fhómhar eile. Is léir nach raibh dul amú ar phobal na linne sin maidir le cumas draíochta na tine an bás a choinneáil ó dhoras, mar tarlaíonn sé gur leasachán maith é an cnámhluaithreach le barra a fhás.
Seán na Gealaí: Carachtar as finscéal uirbeach Átha Cliathach is ea ‘Seán na Gealaí’. Is taibhse é Seán nár tugadh cead isteach dó ar neamh ná in ifreann agus bíonn sé le feiceáil ag siúl thart gan aige ach lóchrann a rinne sé as tornapa. Chruthaíodh daoine a lóchrainn féin as tornapaí fearacht Sheán na Gealaí agus d’fhágaidís na lóchrainn seo ar thairseach an tí chun an bealach a shoilsiú do Sheán, nó d’anam damanta ar bith eile, trí phurgadóir. Shnoití aghaidheanna gránna iontu chomh maith chun ainspridí a scanrú chun siúil ón teach.
Bob nó Breab: Ghléasadh daoine cosúil leis an Aos Sí le linn fhéile na Samhna ionas nach mbeadh na sióga in ann iad féin a aithint óna macasamhlacha daonna. Nuair a thug déagóirí faoi deara go gcuireadh na feistis mearbhall ar dhaoine freisin, bhainidís féiríní de dhaoine fásta faoi bhrú agus dhéanaidís bagairt orthu go gcuirfidís mallacht ar a gcuid talún mura ngéillfidís dá n-éilimh. Leanann an nós seo ar aghaidh ar Oíche Shamhna na linne seo (ach ar bhealach i bhfad níos soineanta, buíochas le Dia!) leis an traidisiún ‘bob nó breab’.
An mbíonn ceann ar bith de na nósanna seo ar siúl agatsa ar Oíche Shamhna? Más mian leat níos mó a fhoghlaim faoin bhféile scanrúil seo agus tú féin a bhá i saol draíochta an bhéaloidis, féach ar an ‘réimse cúrsaí béaloidis’ atá ag Gaelchultúr.
Oíche Shamhna shona daoibh go léir ó Ghaelchultúr!