Finscéal Sheán na Gealaí: Ó Scabhaitéir Rógánta go Sprid Thruacánta

Scríofa ag Helen de Búrca Deireadh Fómhair, 2023
Roinn:

Agus na laethanta fómhair ag imeacht thart, tá sé in am arís na Uggs a tharraingt amach as faoin leaba, féachaint ar ‘Gilmore Girls den mhíliú huair, pleananna lóistín a shocrú d’Oireachtas na Samhna agus – thar aon ní eile – an chéad ‘latte spíosrach puimcín den bhliain a cheannach!


Ní hamháin dár ndiabhal latte a bhíonn tóir ar phuimcíní ag an tráth seo den bhliain, ar ndóigh. Bíonn puimcíní le feiceáil fud fad na háite san fhómhar, agus iad ag cur fáilte romhainn ar leac an dorais agus straois scanrúil scáfar ar a n-aghaidh. ‘Seán na Gealaí’ a thugtar orthu as Gaeilge, nó jack-o’-lantern as Béarla.

Finscéal Sheán na Gealaí: Ó Scabhaitéir Rógánta go Sprid Thruacánta

Ach an raibh a fhios agat gur as Éirinn a tháinig Seán na Gealaí ó dhúchas? Ainmníodh an puimcín as Stingy Jack, carachtar i bhfinscéal uirbeach i mBaile Átha Cliath san ochtú haois déag.


Ba phótaire é Seán fadó fadó. Dúradh gurbh fhear gránna é, níos gránna ná an diabhal é féin fiú – ráfla a chuir isteach go mór ar an diabhal. Oíche amháin tháinig an diabhal, a raibh alltacht agus éad air, chuig Seán ar mhaithe lena anam a bhailiú agus é a thabhairt go hifreann leis. Bhí Seán glic, áfach, agus d’éirigh leis cleas a imirt ar an diabhal.


Mar achainí dheiridh, d’iarr Seán ar an diabhal úll a phiocadh de chrann dó. Ní fhaca an diabhal fadhb leis seo agus dhreap sé suas an crann le húll a phiocadh dó. A luaithe a bhí an diabhal thuas sa chrann, áfach, leag Seán fáinne de chrosa céasta timpeall an chrainn go tapa leis an diabhal a sháinniú.


Bhí an diabhal ar buile agus d’éiligh sé ar Sheán é a scaoileadh saor láithreach. D’fhreagair Seán go sotalach go scaoilfeadh sé leis ar chuntar nach rachadh a anam go hifreann choíche. Ghéill an diabhal dá choinníoll agus scaoil Seán saor é.


Nuair a fuair Seán bás na blianta ina dhiaidh sin, níor ligeadh cead isteach ar neamh dó de bharr na bpeacaí a ndearna sé le linn a shaoil. Nuair a shroich sé geataí ifrinn, áfach, níor ghlac an diabhal lena anam ach an oiread, agus é ag cloí leis an ngealltanas a thug sé dó. Mar sin féin, ghlac sé trua do Sheán bocht agus chaith sé sméaróid as ifreann chuige le go bhféadfadh sé lóchrann a chruthú dó féin.


Daoradh anam Sheáin chun na purgadóra, mar sin, lena neamhbhásmhaireacht a chaitheamh ina aonar sa limistéar idir neamh agus ifreann go brách, gan ach tornapa cuasach, a las sé leis an sméaróid a thug an diabhal dó, lena bhealach a shoilsiú. Tugadh Seán na Gealaí mar leasainm air as sin amach dá bharr.


Nuair a d’fheictí tine ghealáin san oíche chreidtí gurbh é Seán na Gealaí a bhí ag siúl timpeall na háite lena thornapa lasta. Bhí sé de nós ag daoine a lóchrainn féin a chruthú as tornapaí fearacht Sheán na Gealaí agus aghaidheanna gránna a shnoí iontu ar mhaithe leis an ruaig a chur ar ainspridí. Leanann an nós seo ar aghaidh sa lá atá inniu ann, ach le puimcíní in áit tornapaí toisc go bhfuil sé i bhfad níos éasca iad a shnoí.


Anois, an chéad uair eile nach mbeidh latte spíosrach puimcín ar fáil sa chaifé, b’fhéidir gur cheart duit smaoineamh ar Sheán bocht na Gealaí, agus cuimhneamh nach bhfuil cúrsaí chomh dona céanna agatsa i do shaol!


Téama lárnach i mbéaloideas na hÉireann is ea Oíche Shamhna agus na traidisiúin fhiáine agus dhraíochtúla a bhaineann léi. Má tá tusa gafa leis an saol osnádúrtha agus leis na spioraid agus na nósanna a bhaineann leis, mar atáimid féin, tar linn ar aistear mistiúil trí fhlaitheas rúndiamhair bhéaloideas na hÉireann agus cláraigh ar cheann dár ‘gcúrsaí béaloidis’ móréilimh.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: