Cúrsaí Gaeilge do Chainteoirí Líofa
Ar mhaith leat barr feabhais a chur ar do chuid scileanna Gaeilge? Tá rogha chuimsitheach cúrsaí ag Gaelchultúr do chainteoirí líofa a bhfuil sé mar sprioc acu a gcuid scileanna sa Ghaeilge a fheabhsú agus a shaibhriú ar chúiseanna proifisiúnta agus pearsanta araon.
Cuirimid cúrsaí struchtúrtha ar fáil san aistriúchán, sa teanga labhartha, sa ghramadach fheidhmeach, sa bhéaloideas agus i réimsí eile.
Tá gach cúrsa saindeartha le tacú le cainteoirí líofa dul chun cinn leanúnach a dhéanamh agus chun iad a chumasú lena gcuid spriocanna acadúla agus teanga a bhaint amach.
Seo thíos na cúrsaí reatha atá ar fáil:
Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán
Tá an cúrsa seo dírithe orthu siúd a bhfuil tuiscint mhaith acu ar an nGaeilge agus ar mian leo máistreacht a fháil ar chruinneas scríofa agus scileanna aistriúcháin.
Cuir d’áit in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa anseo.
Dianchúrsa i gCruinneas na Gaeilge
Tá an cúrsa seo feiliúnach dóibh siúd a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu cheana féin ach a dteastaíonn uathu snas a chur ar a gcuid gramadaí.
Cuir d’áit in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa anseo.
Cúrsaí Béaloidis
Dírítear sna cúrsaí seo ar nósanna agus ar phiseoga atá i gcroílár phobal na Gaeilge ón tseanaimsir anall, roinnt acu a bhaineann fós le saol laethúil na ndaoine in Éirinn.
Cuir d’áit in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa anseo.Cúrsa Gaeilge Ardleibhéil 1 (C1)
Tá an cúrsa seo ar líne dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge réasúnta líofa acu ach nach bhfuil an oiread sin taithí acu ar a bheith ag labhairt faoi thopaicí dúshlánacha. Bíonn an deis ag rannpháirtithe leibhéal níos airde cruinnis a bhaint amach sa Ghaeilge.
Cuir d’áit in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa anseo.
Cúrsa Gaeilge Ardleibhéil 2 (C2)
Tá an cúrsa seo ar líne oiriúnach dóibh siúd a bhfuil líofacht mhaith acu sa Ghaeilge agus ar mian leo deis a fháil ar dhíriú ar réimse leathan topaicí, agus a bheith ag scríobh agus ag léamh na teanga ar bhonn rialta. Cuirtear béim ar leith sa chúrsa seo ar shaibhreas teanga agus ar chruinneas gramadaí.
Cuir d’áit in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa anseo.
Cruinneas sa Ghaeilge 1
Tá an cúrsa seo ar líne dírithe orthu siúd a bhfuil Gaeilge labhartha an-mhaith acu ach nach bhfuil ró-eolach ar ghramadach na teanga. Bíonn réimse leathan gníomhaíochtaí i gceist leis an gcúrsa seo, agus tá sé an-oiriúnach dóibh siúd atá ag obair trí mheán na Gaeilge, ar nós múinteoirí agus státseirbhísigh.
Cuir d’áit in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa anseo.
Cruinneas sa Ghaeilge 2
Dírítear ar ghnéithe níos casta den ghramadach sa chúrsa seo ná mar a dhéantar i gCruinneas sa Ghaeilge 1. Bíonn ceachtanna níos dúshlánaí i gceist leis chomh maith. Bainfidh daoine amhail aistritheoirí, iriseoirí agus cainteoirí dúchais tairbhe as an gcúrsa seo.
Cuir d’áit in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa anseo.
Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil (Cúrsa Ardleibhéil C1)
Is clár páirtaimseartha é an Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil, atá creidiúnaithe ag QQI agus tá an cúrsa áirithe seo ar fáil ag Leibhéal 6 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (NFQ). Tá leibhéil níos ísle ar fáil chomh maith. Múintear an cúrsa seo go hiomlán ar líne, agus tá sé dírithe go sonrach ar fhostaithe de chuid na hearnála poiblí a bhfuil dualgas orthu seirbhísí don phobal a sholáthar trí mheán na Gaeilge de réir Achtanna na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021.
Cuir d’áit in áirithe don chéad téarma eile den chúrsa anseo.