Deiseanna Fostaíochta leis an nGaeilge

Scríofa ag Ellen Curtin Meitheamh, 2026
Roinn:

Tá an t-éileamh ar ghairmithe a bhfuil an Ghaeilge acu níos airde ná riamh ó cuireadh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 i bhfeidhm. Tá fostóirí go gníomhach sa tóir ar iarrthóirí atá in ann cumarsáid éifeachtach a dhéanamh i nGaeilge agus i mBéarla, rud a fhágann gur acmhainn luachmhar é an dátheangachas i margadh fostaíochta an lae inniu.

Má tá tú ar d’aistear foghlama Gaeilge, lean ort – tá deiseanna fostaíochta i ndán duit…

 Deiseanna Fostaíochta leis an nGaeilge
Dualgais Reachtaíochta

An raibh a fhios agat?

Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, tá sé mar sprioc ag an earnáil phoiblí go mbeidh 20% de na hearcaigh nua inniúil sa Ghaeilge faoi 2030.

Tá an t-éileamh ar chainteoirí Gaeilge ag fás go mear ar fud na hÉireann dá bharr sin.

Luach Tráchtála na Gaeilge

  • I suirbhé náisiúnta a rinne Gaelchultúr le gairid i gcomhar le Amárach Research, tugadh an méid seo a leanas le fios:

  • Is maith le 59% acu nuair a fheiceann siad gnólachtaí i mbun cumarsáide trí Ghaeilge
  • Tá seans níos mó ann go gceannóidh 41% acu táirgí nó seirbhísí má úsáidtear an Ghaeilge sa mhargaíocht a bhaineann leo
  • D’íocfadh 26% acu praghas níos airde ar tháirgí nó seirbhísí dá n-úsáidfí an Ghaeilge sa mhargaíocht a bhaineann leo.

Tá comhlachtaí príobháideacha ag éirí níos feasaí ar an luach tráchtála a bhaineann leis an nGaeilge agus tá níos mó acu ag baint úsáid aisti ina gcuid brandála agus ina gcuid cumarsáide anois dá bharr.

Deiseanna Fostaíochta

Tá éileamh ar ghairmithe le Gaeilge sna hearnálacha seo a leanas:

  • An earnáil phoiblí & an Státseirbhís
  • Oideachas & oiliúint
  • Na meáin & craoltóireacht
  • Aistriúchán & logánú
  • Margaíocht & cumarsáid
  • Turasóireacht & fáilteachas
  • Seirbhís do chustaiméirí
  • Na hEalaíona, cultúr & oidhreacht
  • Dlí, polasaí & riarachán

Conas Teacht ar na Deiseanna Seo

Má tá tú sa tóir ar do chéad chéim ghairmiúil eile, coinnigh súil ar na suímh seo:

Tapaigh an deis chun d’ionchais ghairme a threisiú ionas go mbeidh tóir ort mar dhuine gairmiúil i margadh earcaíochta an lae inniu. Tabhair cuairt ar ár gcúrsaí gairmiúla nó déan teagmháil linn inniu chun tuilleadh a fhoghlaim faoi dheiseanna oiliúna Ghaelchultúir agus conas is féidir leo cabhrú leat an chéad chéim eile i do ghairm bheatha a ghlacadh.

Roinn: