'Ná déan nós agus ná bris nós'

Scríofa ag Dubhán Ó Longáin Eanáir, 2023
Roinn:

‘Ná déan nós agus ná bris nós’ a deirtear agus tá mé ag cloí leis an gcomhairle sin sa bhliain úr agus mé i mo shuí anseo anois ag ullmhú cúrsa (mar a rinne mé an tráth seo anuraidh, is dócha). Ní gnáthchúrsa é seo, ámh, ach cúrsa nua ag Gaelchultúr. Cúrsa é seo atá dírithe ar dhaoine a bhfuil líofacht sa Ghaeilge acu agus ar mhaith leo tuilleadh a fhoghlaim faoi chultúr na tíre seo. Go sonrach, is cúrsa é seo ina ndéanfar plé ar nósanna bainteach leis an bhféilire agus leis an dóigh ar chaith na Gaeil le hamanna agus le hócáidí áirithe i rith na bliana.

'Ná déan nós agus ná bris nós'

Tús mhí Eanáir atá ann agus tá na nósanna a bhaineann leis an athbhliain agus le Lá Caille curtha díom (nósanna ar féidir leat féin eolas a chur orthu ach d’ainm a chur síos anseo Béaloideas: Féilte, Nósanna agus Piseoga). Tá mé ag smaoineamh chun tosaigh anois agus Lá Leabhóige á chaibidil agam. Cén lá den bhliain é seo? An 15 Iúil atá ann agus tá sé ráite go mbeidh balcadh agus báisteach ann ar feadh 40 lá má thiteann deoir anuas ar an lá seo. Níor mhaith linn, fiú in Éirinn, dhá scór lá a bheith curtha dínn gan turadh ar bith ann, dar ndóigh! Mar sin de, an iontas é go raibh ortha (‘charm’ nó píosa draíochta) ann chun bac a chur ar an mbáisteach ar an lá seo? Ní iontas! Agus más maith leat féin bac a chur ar an mbáisteach amach anseo, is féidir leat an ortha seo a fhoghlaim ach an cúrsa a dhéanamh.

Is iomaí ócáid i bhféilire na nGael, mar is eol dúinn, agus nósanna agus creidimh éagsúla ag dul leo. Lá Fhéile Bríde an chéad cheann eile atá romhainn agus tá seans mór ann gur shuigh muid uilig síos chun crosóg a dhéanamh ag pointe inteacht. An bhfuil na nathanna a d’aithrisítí uair den saol agat, ámh? An bhfuil tairngreachtaí Cholm Cille agat nó na scéalta faoin troid idir Naomh Pádraig agus an Diabhal? Cad atá ar eolas agat faoi Oíche Fhéile Eoin, Lúnasa nó Samhain?

Is féidir, tríd an gcúrsa seo, foghlaim faoi na féilte seo agus feabhas a chur ar do chuid Gaeilge trí ábhar léitheoireachta agus éisteachta ó scoth na seanchainteoirí a léamh nó a chloisteáil. Beidh seans agat comhrá a dhéanamh leis na daoine eile sa rang agus cur le do stór focal chomh maith le do scileanna gramadaí.

‘Ná déan nós agus ná bris nós’ a deirtear ach mí Eanáir atá ann agus moltar rún a dhéanamh ag an am seo den bhliain. An rún atá agam féin ná cúrsa spéisiúil spreagúil a chur le chéile faoi bhéaloideas na hÉireann. Bíodh sé mar rún agat féin a bheith liom ar an gcúrsa úrnua seo!

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: