Páirt glactha ag na Céadta Míle Duine san Fheachtas Físeán is deireanaí de chuid Ghaelchultúir

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Aibreán, 2023
Roinn:

Cé go bhfuil bliain eile den fhéile idirnáisiúnta theanga Seachtain na Gaeilge (1- 17 Márta) imithe thart, tá an Ghaeilge agus pobal na Gaeilge ag dul ó neart go neart go fóill. B’in an teachtaireacht a theastaigh uainn a chur in iúl sa mhionsraith físeán #TurasTeangaGaeilge a d’fhorbraíomar chun an fhéile a cheiliúradh trí chuntais meán sóisialta Ghaelchultúir. Is go rómhinic a fhéachtar ar an nGaeilge mar ábhar staidéir amháin agus is annamh a thugtar an t-aitheantas di atá tuillte aici mar mhodh cumarsáide beo bríomhar agus í mar chnámh droma pobail idirnáisiúnta atá faoi bhláth. Le linn na sraithe spreagúla seo, thugamar cuireadh don lucht féachana páirt a ghlacadh i bpobal dinimiciúil na Gaeilge agus níos mó a fhoghlaim faoin bpobal sin.

Páirt glactha ag na Céadta Míle Duine san Fheachtas Físeán is deireanaí de chuid Ghaelchultúir

D’iarramar ar dhaoine aitheanta sna meáin físeán gairid díobh féin a dhéanamh in éineacht linn ina ndéanfaidís cur síos ar a n-aistear foghlama Gaeilge. Ghlac 11 duine páirt san fheachtas a roinneadh ar chuntais Instagram, Facebook, Twitter agus YouTube Ghaelchultúir le linn Sheachtain na Gaeilge.

Tá pobal na Gaeilge ag dul ó neart go neart go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta araon agus bhí lúcháir ar Ghaelchultúr ceangal a dhéanamh leis an bpobal bríomhar seo tríd an bhfeachtas. Tharraing an feachtas seo aird na gcéadta míle duine agus chaith os cionn 158K duine súil ar na físeáin éagsúla a roinneadh le linn na féile! Mheall scéalta spreagúla na n-aíonna lucht féachana ar fud na cruinne.

Is cúis mhór bhróid é ag Gaelchultúr pobal idirnáisiúnta na nGaeilgeoirí a chothú trí na cúrsaí Gaeilge ar líne agus aghaidh ar aghaidh a chuirimid ar fáil. Ba dheis iontach í an mhionsraith seo an caidreamh sin a threisiú agus an Ghaeilge a chur chun cinn dá pobal fíorúil atá ag forbairt i gcónaí.

Ach cé hiad na daoine ar leith a ghlac páirt san fheachtas agus cá háit ar féidir teacht ar dhaoine a bhfuil dúil acu sa teanga? Dár ndóigh, chuir muintir na hÉireann agus ár gcomharsana sa Ríocht Aontaithe an-spéis sna físeáin. Le blianta beaga anuas, tá foireann Ghaelchultúir tar éis méadú a fheiceáil sa líon daoine sa Ghearmáin, sa Fhrainc agus sa Spáinn a bhfuil spéis acu sa Ghaeilge. Spreagadh muid mar gheall ar an méadú seo le cúrsaí ar líne a reáchtáil chun deis a thabhairt do rannpháirtithe an Ghaeilge a fhoghlaim trí mheán na Gearmáinise, na Fraincise agus na Spáinnise. Tá na cúrsaí ceannródaíocha seo ag dul ó neart go neart agus is léir ón líon mór daoine sna tíortha sin a ghlac páirt san fheachtas físeán go bhfuil rath ag teacht ar phobal Gaeilge na dtíortha sin chomh maith. Níor chuir sé ionadh ar bith orainn ach an oiread gur mhúscail an feachtas an-spéis i lucht Mheiriceá agus Cheanada chomh maith, agus dáimh faoi leith ag daoine i Meiriceá Thuaidh leis an nGaeilge. Is léir dúinn ó shonraí meán sóisialta go raibh an-tóir ar an mionsraith san Astráil, sa Bhrasaíl, san Iodáil agus san Eilvéis freisin.

Ina measc siúd a ghlac páirt san fheachtas bhí an láithreoir teilifíse John Sharpson, an craoltóir raidió agus teilifíse Kayte O’Malley, an tionchaire meán sóisialta Éadaoin Fitzmaurice agus go leor duine eile. Tarraingítear aird sa mhionsraith ar na céimeanna a ghlac na rannpháirtithe le hardscileanna teanga a bhaint amach agus ar na deiseanna a tháinig chun cinn dóibh mar thoradh air sin.

I dteannta na nGaeilgeoirí spreagúla ar fad a ghlac páirt i gceiliúradh na Gaeilge bhí iomráiteach amháin a chuir iontas ar fhoireann Ghaelchultúir fiú. Le linn Sheachtain na Gaeilge bhuail duine d’fhoireann an choláiste le Pierce Brosnan é féin agus é ar saoire sna Dúnaibh, sráidbhaile Gaeltachta ar leithinis Ros Goill i gcontae Dhún na nGall, agus chuir sé gliondar croí orainn é a fheiceáil ag cur a chroí isteach san fhéile agus cúpla focal á n-úsáid aige.

Más mian leat tús a chur le d’aistear foghlama féin sa Ghaeilge bí linn ar cheann den réimse leathan cúrsaí Gaeilge atá á dtairiscint againn.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: