10 gcúis ar fiú duit tabhairt faoi chúrsa ar ranganna.com

Scríofa ag Foireann Ghaelchultúir Feabhra, 2022
Roinn:

Ag smaoineamh ar chúrsa Gaeilge a dhéanamh ar líne i mbliana? Leis an gcinneadh sin a dhéanamh níos éasca, tá liosta curtha le chéile againn de na buntáistí go léir a bhaineann le cúrsa a dhéanamh ar ár suíomh ríomhfhoghlama, ranganna.com.

10 gcúis ar fiú duit tabhairt faoi chúrsa ar ranganna.com

An bhfuil spéis agatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge? B'fhéidir nach bhfuil an t-am agat, áfach, le freastal ar ranganna go rialta? An bhfuil cur chuige solúbtha ag teastáil uait a bheidh oiriúnach do do sceideal féin agus tú ag foghlaim na teanga?
B’fhéidir go mbeadh suim agat mar sin tabhairt faoi cheann de na cúrsaí iontacha atá againn ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com. Cuireadh tús le ranganna.com in 2008 agus ó shin i leith tá foghlaimeoirí as gach cearn den domhan agus ag gach leibhéal cumais tar éis cúrsa a dhéanamh ar an suíomh chun an Ghaeilge a fhoghlaim nó chun cur lena dtuiscint ar an teanga. Seo thíos liosta de na cúiseanna arbh fhiú duitse tabhairt faoi chúrsa ar líne ar ranganna.com.

1. Cúrsaí cuimsitheacha ar ardchaighdeán

Is suíomh ríomhfhoghlama é ranganna.com atá éasca a úsáid, atá cuimsitheach agus a chuireann ar do chumas Gaeilge nádúrtha laethúil a fhoghlaim ag do luas féin. Tá réimse leathan cúrsaí ar fáil ar an suíomh le foghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais a spreagadh lena gcuid Gaeilge a fheabhsú, mar sin is é ranganna.com an áit is fearr leis an nGaeilge a fhoghlaim ar líne!

2. Ábhar físe agus fuaime

Tá ábhar fuaime agus físe mar chuid lárnach d’fhormhór na gcúrsaí, rud a fhágann go mbeidh deis agat éisteacht le Gaeilge nádúrtha dhúchasach agus go mbeidh tú in ann fuaimeanna na teanga a shealbhú.

3. Aiseolas ar an toirt

Tá ranganna.com lán cleachtaí spraíúla idirghníomhacha. Ar chríochnú ceachta duit, faigheann tú aiseolas ar an toirt, tugtar scór duit agus cuirtear na freagraí cearta ar fáil.

4. Fóram na gcúrsaí

Ní bheidh tú ag foghlaim i d’aonar ar ranganna.com; tá fóram mar chuid de gach cúrsa, áit ar féidir leat dul i dteagmháil le foghlaimeoirí eile agus le héascaitheoirí an tsuímh.

5. Curtha in oiriúint do ghléasanna éagsúla

Tá an suíomh curtha in oiriúint do ghléasanna soghluaiste. Oibríonn sé ar ghutháin chliste, táibléid, ríomhairí glúine agus, gan amhras, ar ríomhairí deisce. Mar sin, má tá guthán cliste leat ar an traein, iPad agat ar an tolg nó ríomhaire glúine á úsáid agat ag do dheasc, beidh tú in ann leanúint ar aghaidh leis an bhfoghlaim ar ranganna.com.

6. Foghlaim céim ar chéim

Tá siollabas cuimsitheach, grádaithe mar bhonn ag gach cúrsa ar ranganna.com. Cuirtear an t-ábhar i láthair ar bhealach simplí, sothuigthe agus ní mhúintear an iomarca ag aon am amháin. Tugtar deis duit go leanúnach ceachtanna idirghníomhacha a dhéanamh, a bhíonn bunaithe ar na nithe atá tú díreach tar éis a fhoghlaim, chun gur féidir leat an dul chun cinn atá á dhéanamh agat a mheas.

7. Cúrsaí ag gach leibhéil cumais

Tá cúrsaí ar fáil ar ranganna.com atá oiriúnach do gach duine - do ghlantosaitheoirí, cuir i gcás agus dóibh siúd a dteastaíonn uathu cruinneas a bhaint amach. Ar a bharr sin, tá sainchúrsaí ar fáil do mhúinteoirí bunscoile agus dóibh siúd ar mian leo a bheith ina múinteoirí bunscoile ach a bhfuil imní orthu faoin agallamh Gaeilge atá mar chuid de phróiseas iontrála na gcoláisti éagsúla.

8. Treoirfhíseáin ar fáil dóibhsean nach bhfuil cur amach acu ar an teicneolaíocht

B’fhéidir nár thug tú faoi chúrsa ar líne riamh agus go bhfuil tú in amhras faoi do chuid scileanna teicniúla ach ná bí buartha: tá treoirfhíseáin curtha le chéile againn ina léirítear conas ranganna.com a úsáid. Beidh na físeáin seo ina gcuidiú mór agat mura bhfuil taithí agat ar an bhfoghlaim ar líne.

9. Ábhar samplach ar fáil saor in aisce

Má tá tú in amhras faoin gcúrsa is oiriúnaí duitse, is féidir leat triail a bhaint as aonad amháin de gach cúrsa le cuidiú leat cinneadh a dhéanamh. Tabharfaidh sé seo léargas iontach duit ar ábhar agus ar leibhéal gach cúrsa agus cuideoidh sé leat an cúrsa is fearr a oireann duitse a roghnú.

10. Tástáil ar líne saor in aisce

Má tá tú in amhras go fóill faoin leibhéal is fearr duitse, is féidir leat triail a bhaint as Tástáil ar Líne Ghaelchultúir. Tá 100 ceist ar fad sa triail agus tógann sé idir 30 agus 40 nóiméad ar an meán na ceisteanna ar fad a fhreagairt. Níl le déanamh agat i gcás gach ceiste ach freagra amháin, an ceann ceart, a roghnú. Tá an triail seo grádaithe, mar sin éiríonn na ceisteanna níos deacra de réir mar a théann tú síos tríothu. Mura bhfuil Gaeilge líofa agat, iarrtar ort éirí as na ceisteanna a fhreagairt agus cliceáil ar an gcnaipe "Torthaí na trialach" má thugann tú buille faoi thuairim i gcás cúpla ceist as a chéile. Tá an t-eolas ar fad faoin Triail ar fáil anseo.



Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: