Ocht Leid le hUllmhú do Bhéaltriail na hArdteiste

Scríofa ag Ellen Curtin Feabhra, 2022
Roinn:

Tá tréimhse na mbéaltrialacha ag druidim linn agus ní féidir a shéanadh ach go gcuireann an cur chuige foirmiúil den agallamh strus agus imní ar go leor daltaí agus tuismitheoirí araon. Is fiú 40% de mharc iomlán na Gaeilge san Ardteist an bhéaltriail mar sin is fiú go mór an t-ullmhúchán cuí a dhéanamh le pointí arda a bhaint amach. Má tá tusa ag streachailt leis an ullmhúchán, rachaidh an t-alt seo go mór chun sochair duit. Ta neart rudaí beaga gur féidir leat a dhéanamh chun tú féin a ullmhú do bhéaltriail na Gaeilge gan mórán stró!

Ocht Leid le hUllmhú do Bhéaltriail na hArdteiste

Bí ar do shuaimhneas le linn na béaltrialach agus lean na hocht leid seo a leanas:


1. Éist leis an nGaeilge

Tá Gaeilge bhinn nádúrtha ar fáil go forleathan ar líne. Éist le Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life nó caith súil ar TG4 chun Gaeilge chruinn a shealbhú. Tá go leor comhaid fuaime luachmhara le fáil ar an gcúrsa ullmhúcháin Béaltriail gan Stró! ar ranganna.com chomh maith. Is féidir triail a bhaint as an áis ríomhfhoghlama seo saor in aisce anseo. Éist le leaganacha cruinne den fhilíocht agus cuir le do shaibhreas teanga féin trí nathanna úsáideacha a bhaineann leis an ‘Sraith Pictiúr’ a fhoghlaim.


2. Labhair Gaeilge oiread agus is féidir

Bíonn ar an gcuid is mó de dhaltaí a thugann faoin Ardteist an Ghaeilge a fhoghlaim. Mar sin, is cinnte go bhfuil aithne agat ar dhuine eile a bheadh in ann an teanga a chleachtadh leat. Labhair le do dheartháireacha, do dheirfiúracha agus do thuismitheoirí agus ná déan dearmad ar an teanga a úsáid i measc do chairde scoile chomh maith. Beidh an cleachtach ina chabhair acusan chomh maith.


3. Bain leas as acmhainní ar líne

Tá go leor acmhainní iontacha ar fáil ar líne dóibh siúd ar mhaith leo a gcuid scileanna teanga a chur chun cinn. Má tá tú ag lorg stór focal saibhir a chuirfidh le do bhéaltriail, molaimid leas a bhaint as focloir.ie agus teanglann.ie. Tá comhaid fuaime ar fáil ar an dá shuíomh sin chomh maith a chuideoidh leat le fuaimniú na teanga.


4. Déan cleachtach ar an bhfáiltiú

Tús maith leath na hoibre, mar a deirtear! Is cinnte go bhfuil an méid sin fíor faoi na béaltrialacha go háirithe. Má éiríonn leat tús láidir a chur le d’agallamh, rachaidh tú i bhfeidhm go luath ar an scrúdaitheoir agus, níos tábhachtaí fós, cuirfidh tú tú féin ar do shuaimhneas agus tú ag díriú isteach ar an gcomhrá.


5. Glac seilbh ar an gcomhrá

Is annamh a thuigeann daltaí an smacht atá acu féin ar an gcomhrá. Tagann na topaicí céanna chun cinn sna béaltrialacha bliain i ndiaidh bliana. Má éiríonn leat ábhar na dtopaicí seo a leanas a ullmhú don lá cuirfidh siad go mór leis na marcanna a bhainfidh tú amach.


· Mo chúlra agus mo cheantar
· Mo theaghlach agus mo theach
· An scoil
· Caitheamh aimsire
· Fadhbanna sóisialta

Cuireann Gaelchultúr nótaí staidéir cuimsitheacha ar fáil atá bunaithe ar na topaicí sin sa chúrsa ullmhúcháin do bhéaltriail na hArdteiste, Béaltriail gan Stró!


6. Modh coinníollach

Níl an modh coinníollach leath chomh scanrúil is a shíltear, ach is fiú go mór é a chleachtadh go minic mar sin féin. Is cinnte go dtiocfaidh ceist chun cinn ar an lá ina mbeidh ort an modh coinníollach a úsáid. Molaimid duit freagraí samplacha a ullmhú do na ceisteanna seo:


‘Cad a dhéanfá dá mbeifeá féin i do Thaoiseach?’
‘Cad a dhéanfá dá mbuafá an crannchur náisiúnta?’

Tá freagraí samplacha ar na ceisteanna sin ar fáil san áis ríomhfhoghlama ullmhúcháin ar ranganna.com agus sa dianchúrsa ullmhúchán ‘Béaltriail gan Stró!’.


7. Cláraigh ar chúrsa réamhullmhúcháin

Bíonn cúrsa ullmhúcháin deireadh seachtaine dar teideal Béaltriail gan Stró! á reáchtáil ag Gaelchultúr go minic. An sprioc atá ag an gcúrsa sin ná ábhar agus eolas a thabhairt do dhaltaí na hardteiste chun na marcanna is airde a bhaint amach sa bhéaltriail. Arna fhorbairt ag saineolaithe oideachais agus teanga, tugtar an t-ábhar, na huirlisí agus an mhuinín do dhaltaí chun a gcuid scileanna teanga a léiriú go héifeachtach le linn na béaltrialach.


Díreofar sa chúrsa seo ar na topaicí cainte a bhíonn i gceist sa bhéaltriail. Beidh deis ag na daltaí feabhas a chur ar a gcuid scileanna cainte i seomra ranga fíorúil ina mbeidh atmaisféar cairdiúil, cuidiúil. Pléifear an ‘Sraith Pictiúr’ go mion agus tabharfar nótaí cuimsitheacha do na rannpháirtithe le go mbeidh siad in ann cur síos éifeachtach a dhéanamh orthu ar lá an scrúdaithe.


I dteannta na seisiún beo, beidh fáil ag na rannpháirtithe ar chlár ríomhfhoghlama don bhéaltriail ar ranganna.com ar feadh sé mhí. Is fiú €95 an clár sin agus é lán le cleachtaí idirghníomhacha, nótaí cuimsitheacha agus comhaid fuaime atá dírithe ar ‘Sraith Pictiúr’ na bliana seo agus ar na topaicí is mó a thagann chun cinn sa bhéaltriail.

Má cheapann tusa go rachadh tuilleadh cleachtaidh agus tacaíochta don bhéaltriail go mór chun sochair duit, cláraigh ar an gcúrsa móréilimh seo anois chun do chuid scileanna teanga a fhorbairt agus na marcanna is airde a bhaint amach sa bhéaltriail.

8. Tóg do chuid ama

Fan socair agus éist go cúramach leis an gceist. Tabhair aird ar an mbriathar a úsáideann an scrúdaitheoir ag tús na ceiste agus déan iarracht an briathar céanna a úsáid sa fhreagra.


Mar shampla;
An imríonn tú aon spórt?
Imrím cispheil agus peil Ghaelach.

Cad a dhéanann tú ag an deireadh seachtaine?
Déanaim go leor rudaí spéisiúla ag an deireadh seachtaine.

Tuigeann an scrúdaitheoir go bhfuil tú neirbhíseach mar sin tóg do chuid ama chun na ceisteanna a thuiscint agus a fhreagairt i gceart. Agus má tá tú ag streachailt leis na ceisteanna a thuiscint ná bíodh leisce ort ‘Tá brón orm, ní thuigim an cheist’ a rá.

Cláraigh anseo más mian leat fanacht ar an eolas faoi chúrsaí Ghaelchultúir, cóid lascaine, nuacht agus neart eile!

Roinn: